10 minutes and 38 seconds in this strange world
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Elif Şafak |
Tréith | |
Seánra | úrscéal sóisialta |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do | Duais Booker |
Is úrscéal é 10 minutes and 38 seconds in this strange world leis an údar clúiteach Elif Shafak. Is de bhunús na Tuirce í, ach scríobhadh an leabhar seo i mBéarla. Is scéal é faoi striapach in Istanbul tar éis a báis fhoréignigh agus fós 10 nóiméad agus 38 soicind aici le smaoineamh siar ar a saol, sula stadann a hinchinn. Sa chéad leath den scéal, breathnaíonn sí siar ar eachtraí áirithe i rith a saoil, ó lá a breithe ar aghaidh. I rith a saoil ghearr, faigheann sí bás in aois 43 bliana di, déanann sí dlúthchairdeas le cúigear daoine, idir fhir agus mhná. Sa chuid seo den úrscéal, tugann sí an-léargas dúinn ar shochaí na Tuirce agus ar an míchothromaíocht agus mí-úsáid a dhéantar ar dhaoine gan cumhacht tríd an comhras bunaithe ag agus ar son lucht an rachmais, go háirithe na fir. Is tráchtas polaitiúil agus feimineach é an leabhar seo. Tar éis bás Leila sa dara leath den leabhar, déanann a cairde í a athadhlacadh agus déanann siad chuile iarracht a hoidhreacht a choinneáil beo.
Moladh an leabhar seo do ghearrliosta an Duais Booker 2019.