Łódź

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is í Łódź (fuaimniú: ‹bhúits›) an tríú cathair is mó sa Pholainn. Lonnaithe sa chuid lárnach den tír, tá daonra de 698,688 (2016) aici. Is í príomhchathair an reigiúin (Województwo) Łódź í, agus tá sí thart ar 135 ciliméadar siar ó dheas ó Vársá.  Sampla d'armas labhartha (Béarla: Canting arms) is ea armas na cathrach: a thaispeánann bád. Tagraíonn sé d'ainm na cathrach a aistríonn go litriúil mar "bád." Bhí Łódź uair amháin ina lonnaíocht bheag, a chéad tháinig i lathair sna taifid scríofa thart ar 1332. Go luath sa 15ú haois deonaíodh stádas cathrach uirthi, ach d'fhan sí sách beag agus ina bhaile neamhshubstaintiúil. Ba réadmhaoin de chuid easpaigh agus cléir Chuiavia í, go dtí deireadh an 18ú haois, nuair a d'ionghabh an Phrúis Łódź, mar thoradh ar dhara críochdheighilt na Polainne. Tar éis cliseadh  Diúcacht neamhspleách Vársá, d'éirigh an chathair ina chuid de Chomhdháil an Pholainn, cliant-stát de chuid Impireacht na Rúise. B'é ansin gur bhain Łódź borradh mór amach, ar an tionscal éadaigh agus ar an daonra mar gheall ar insreabhadh na n-imirceach, ach go háirithe Gearmánaigh agus Giúdaigh. Ó shin i leith, bhí an chathair ag streachailt le go leor deacrachtaí, a leithéid agus ilnáisiúnachas agus neamhionannas sóisialta, a bhí doiciméadaithe go gléineach san úrscéal An Tír Tairngire, scríofa ag an Pólannach. an t-údar Władysław Reymont, a bhain Duais Nobel amach. Bíonn an codarsnacht mór seo le feiceáil ar ailtireacht na cathrach, áit ina mbíonn árais sócúlacha agus monarchana deargbhriceach agus seantithe tionóntáin taobh le chéile.[1]

Nótaí[athraigh | athraigh vicithéacs]