Úsáideoir:MALA2009/Pálás Buckingham

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Áras oifigiúil cónaithe i Londain de mhonarc na Breataine is ea Pálás Buckingham. Agus é suite i gCathair Westminster, is ionad é an pálás le haghaidh ócáidí stáit agus aíocht ríoga, agus is mórdhíol spéise do thurasóirí é. Go stairiúil, b’ionad cruinnithe do mhuintir na Breataine é, ag amanna náisiúnta ceiliúrtha agus géarchéime.

Tugadh Teach Buckingham air i dtosach agus tugann an teaghlach ríoga ‘Buck House’ mar leasainm air go fóill. Tá an seanteach sin, a bhí suite i lár an bhaile, ina chroílár den phálás mar atá sé anois. Tógadh é don Diúc Buckingham i 1703 agus cheannaigh Seoirse III é mar theach príobháideach cónaithe, ar tugadh ‘The Queen’s House’ air, sa bhliain 1761. Chuir na hailtirí John Nash agus Edward Blore, go príomha, síntí leis thar an 75 bliain ina dhiaidh sin, agus cruthaíodh trí sciathán le clós sa lár. Nuair a tháinig an Bhanríon Victeoiria i gcoróin i 1837, rinneadh pálás oifigiúil ríoga mhonarc na Breataine de Phálás Buckingham. Níor cuireadh aon mhórsíneadh struchtúrtha leis an bpálás ó dheireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois agus ba chuid é aghaidh phoiblí reatha Phálás Buckingham den mhórsíneadh sin.

Bhí scagliola glédhathach agus lapis gorm agus bándearg go forleathan i mbundearthaí an 19ú haois luath, mar a mhol Sir Charles Long, agus tá cuid mhaith acu fós ann. Athmhaisíodh cuid de ar scéim dathanna óir agus bánbhuí belle epoque faoi Rí Éadbhard VII. Tá cuid mhaith seomraí beaga fáiltithe fearastaithe ar stíl Shíneach leasríochta; tugadh troscáin agus feistis ón bPailliún Ríoga in Brighton agus ó Theach Carlton i ndiaidh bhás Rí Seoirse IV. Is é Gairdín Phálás Buckingham an gairdín príobháideach is mó i Londain. Rinne Capability Brown an tírdhreachú air i dtosach, ach d’athdhear William Townsend Aiton ó Ghairdíní Lusanna Kew agus John Nash é ina dhiaidh sin. Críochnaíodh an loch saorga i 1828 agus tagann uisce chuige ón Serpentine – abhainn a ritheann trí Pháirc Hyde.

Is iad na seomraí stáit croílár an Pháláis reatha agus úsáideann Banríon Eilís II agus baill den teaghlach ríoga iad go rialta chun aíocht oifigiúil agus stáit a thabhairt. Tá Pálás Buckingham ar cheann de na foirgnimh is aithnidiúla ar domhan agus tugann breis agus 50,000 duine cuairt ar an bpálás gach bliain mar aíonna chuig féastaí, lóin, dinnéir, fáiltithe agus chuig na cóisirí ríoga gairdín.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dhear William Winde Teach Buckingham don chéad Diúc Buckingham agus Normanby thart ar 1710. Tá an aghaidh sin ina Mórbhealach Isteach ar an taobh thiar (inmheánach) den cheathairuilleog sa lá atá inniu ann, agus tá an Parlús Glas os a chionn.

An láthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna Meánaoiseanna, bhí láthair Phálás Buckingham ina chuid de Mhainéar Ebury (ar tugadh Eia air chomh maith). Uiscíodh an riasclach ag abhainn Tyburn, a ritheann faoin gclós agus faoi sciathán theas an pháláis go fóill. San áit arbh fhéidir áth a thógáil ar an abhainn (ag Cow Ford), d’fhás an sráidbhaile Eye Cross. D’athraigh seilbh na láithreach ó láimh go láimh go minic; áiríodh ar na húinéirí Éadbhard na Faoistine agus a bhanríon choimhdeach Edith as Wessex amach i ndeireadh na ré Sacsanaí, agus Uilliam Concaire i ndiaidh ghabháil na Normannach. Thug Uilliam an láthair do Geoffrey de Mandeville, a d’uachtaigh é do mhanaigh Mhainistir Westminster.

Sa bhliain 1531, fuair Anraoi VIII seilbh ar Ospidéal San Séamas (Pálás San Séamas ina dhiaidh sin) ó Choláiste Eton, agus i 1536 thóg sé Mainéar Ebury ó Mhainistir Westminster. Mar thoradh ar na haistrithe sin, bhí láthair Phálás Buckingham ar ais i seilbh ríoga den chéad uair ónar scaoil Uilliam Concaire de é beagnach 500 bliain roimhe sin.

Léasaigh roinnt úinéirí é ó thiarnaí talún ríoga agus b’ábhar amhantraíochta mearchiallaí í an tsaorsheilbh sa 17ú haois. Faoin am sin, bhí sráidbhaile Eye Cross tite i léig le fada, agus ba thalamh gan saothrú é formhór an cheantair. Agus airgead de dhíth air, dhíol Rí Séamas I cuid de shaorsheilbh na Corónach, ach choinnigh sé cuid den láthair agus bhunaigh sé gairdín maoildeirge 4 acra (16,000 m²) uirthi chun síoda a dhéanamh. (Tá sé seo lonnaithe i gcúinne thiar thuaidh an pháláis reatha). Tagraíonn Clement Walker in Anarchia Anglicana (1649) do “new-erected sodoms and spintries at the Mulberry Garden at S. James’s”; tugann sé seo le tuiscint go mb’fhéidir gur phálás drabhláis é. Faoi dheireadh, go déanach sa 17ú haois, fuair an banoidhre Mary Davies an tsaorsheilbh in oidhreacht ón toicí réadmhaoine Sir Hugh Audley.

Na chéad tithe ar an láthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seans gurbh é teach Sir William Blake an chéad teach a tógadh ar an láthair thart ar an mbliain 1624. Ba é an Tiarna Goring an chéad úinéir eile, a chuir síneadh le teach Blake agus a d’fhorbair cuid mhaith de ghairdín an lae inniu ón mbliain 1633, ar tugadh Gairdín Mór Goring (Goring Great Garden) air an uair sin. Níor éirigh leis leas saorsheilbhe a bhaint amach ar an ngairdín maoildeirge áfach. I ngan fhios do Goring, níor éirigh leis an gcáipéis an Séala Mór a bhaint amach sular éalaigh Rí Séarlas I go Londain i 1640, agus bhí an séala ag teastáil chun é a chur i gcrích go dlíthiúil. (Chabhraigh an earráid chriticiúil sin le teaghlach ríoga na Breataine agus iad ag athghlacadh na saorsheilbhe faoi Rí Seoirse III).

Mhainnigh Goring ina chíosanna; fuair Henry Bennet, an chéad Iarla Arlington, an teach mór agus bhí sé ina chónaí ann (ar tugadh Teach Goring air an uair sin) nuair a dódh an teach go talamh sa bhliain 1674. Tógadh Teach Arlington ar an láthair – sciathán theas an pháláis reatha – an bhliain dár gcion agus ceannaíodh an tsaorsheilbh air sa bhliain 1702.

Tógadh an teach atá mar chroílár ailtireachta sa phálás reatha don chéad Diúc Buckingham agus Normanby i 1703, agus é deartha ag William Winde. Roghnaíodh stíl le mórbhloc lárnach trí urlár in éineacht le dhá sciathán seirbhíse chliathánacha ní ba lú.

Dhíol sliochtach Buckingham, Sir Charles Sheffield, Teach Buckingham ar deireadh le Seoirse III ar £21,000 sa bhliain 1761. (Cosúil lena sheanathair, Seoirse II, dhiúltaigh Seoirse III leas an ghairdín mhaoildeirge a dhíol, agus ní raibh Sheffield in ann saorsheilbh iomlán na láithreach a cheannach mar sin). Bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh an teach ina dhíseart príobháideach don teaghlach ríoga, agus don Bhanríon Searlait go háirithe, agus tugadh Teach na Banríona air. Rugadh 14 dá 15 leanbh ann. Lean Pálás San Séamas ar aghaidh mar theach cónaithe oifigiúil agus deasghnách don teaghlach ríoga. Leoga, is gnách fiú sa lá atá inniu ann aithint oifigiúil a thabhairt d’ambasadóirí eachtrannacha ag “Cúirt San Séamas”, cé gurb ag Pálás Buckingham a chuireann siad a dteastais aitheantais agus a bhfoirne i láthair na Banríona nuair a cheaptar iad.

I 1762, cuireadh tús le hathmhúnlú an struchtúir. Tar éis dó teacht i gcoróin i 1820, lean Seoirse IV air leis an athmhúnlú. Bhí teach beag compordach ar intinn aige. Fad is a bhí an obair ag dul ar aghaidh, bheartaigh an Rí, sa bhliain 1826 agus le cabhair óna ailtire, an teach thiontú go pálás. Dearadh an aghaidh sheachtrach ar stíl faoi thionchar nuachlaisiceach na Fraince, a thaitin le Seoirse IV. Tháinig méadú as cuimse ar chostas an athchóirithe agus faoin mbliain 1829, briseadh Nash as a phost mar ailtire mar gheall ar anchaitheamh a chuid dearaí. Tar éis bhás Seoirse IV sa bhliain 1830, d’fhostaigh a dheartháir ní b’óige, Uilliam IV, Edward Blore chun an obair a chríochnú.


Baile an mhonairc[cuir in eagar | athraigh foinse]

An pálás thart ar 1837 agus an Áirse Mharmair, a bhí ina bealach deasghnách isteach chuig purláin an Pháláis. Bogadh é le spás a chruthú don sciathán thoir a tógadh sa bhliain 1847 agus a thimpeallaigh an cheathairuilleog.

Bhí Pálás Buckingham ina phríomhtheach cónaithe ríoga faoi dheireadh sa bhliain 1837 nuair a tháinig an Bhanríon Victeoiria i gcoróin. Bhí raidhse giltíní agus dathanna sna seomraí stáit, ach ní raibh bunriachtanais an pháláis nua chomh macnasach céanna. Tuairiscíodh, mar shampla, gur tháinig an méid sin deataigh ó na simléir go raibh orthu ligean do na tinte dul in éag, agus bhí an chúirt préachta ina laomthacht argail. Bhí an aeráil chomh dona sin go raibh drochbholadh taobh istigh, agus nuair a bheartaigh siad lampaí gáis a chur isteach, bhí imní dháiríre orthu faoin ngás a bhaileodh sna hurláir íochtaracha. Dúradh freisin go raibh an fhoireann leisciúil faillitheach agus go raibh an pálás salach. Tar éis phósadh na Banríona sa bhliain 1840, rinne a fear céile, an Prionsa Albert, cúram atheagrú na n-oifigeach agus na foirne tí a ghlacadh chuige féin, mar aon le hearráidí deartha an pháláis a réiteach. Réitíodh na fadhbanna go léir faoi dheireadh na bliana 1840. Bhí ar na tógálaithe filleadh laistigh de dheich mbliana áfach.

Faoi 1847, d’airigh an lánúin go raibh an pálás róbheag le haghaidh saol cúirte agus a gclainne méadaithe agus, mar sin, tógadh an sciathán nua a dhear Edward Blore agus a thóg Thomas Cubitt. Thimpeallaigh sin an cheathairuilleog lárnach. Is í an Aghaidh Thoir atá os comhair an Mheal “aghaidh phoiblí” Phálás Buckingham sa lá atá inniu ann, agus is uirthi sin atá an bhalcóin óna n-aithníonn an teaghlach ríoga na sluaite ar ócáidí tábhachtacha agus gach bliain tar éis Shlógadh na mBratach. Tógadh sciathán an bhálseomra agus sraith bhreise seomraí le linn na tréimhse sin freisin, agus iad deartha ag dalta de chuid Nash, Sir James Pennethorne.

Sular éag an Prionsa Albert, b’aoibhinn leis an mBanríon Victeoiria ceol agus damhsa mar b’eol do chách, agus chuir na ceoltóirí comhaimseartha ab fhearr siamsa ar fáil i bPálás Buckingham. Sheinn Felix Mendelssohn ann ar thrí ócáid ar leith de réir eolais. Sheinn Johann Strauss II agus a cheolfhoireann ann nuair a bhí siad i Sasana. Seinneadh “Alice Polka” de chuid Strauss sa phálás den chéad uair sa bhliain 1849 in onóir iníon na Banríona, an Bhanríon Ailís. Le linn réimeas Victeoiria, ba mhinic a bhí Pálás Buckingham ina ionad le haghaidh báil fhlaithiúla chulaithe, mar aon le gnáthshearmanais, insealbhuithe agus toirbhirtí ríoga.

Nuair a fágadh ina baintreach í sa bhliain 1861, chúlaigh an Bhanríon ón saol poiblí agus í trombhuartha. D’fhág sí Pálás Buckingham chun cónaí i gCaisleán Windsor, i gCaisleán Balmoral agus i Teach Osborne. Ar feadh blianta fada níor baineadh mórán úsáide as an bpálás, agus ligeadh i léig é fiú. Faoi dheireadh, chuir tuairim phoiblí brú uirthi filleadh ar Londain, cé gurbh fhearr léi a bheith ina cónaí áit éigin eile nuair a d’fhéadadh sí. Bhí ócáidí cúirte fós ar siúl i gCaisleán Windsor seachas sa phálás. Mhaoirsigh an Bhanríon ghruama iad agus í de shíor gléasta in éide dhubh bróin, fad is a bhí Pálás Buckingham dúnta ar feadh an chuid ba mhó den bhliain.


An Taobh Istigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Piano nobile Phálás Buckingham. A: Seomra Bia Stáit; B: Parlús Gorm; C: Seomra Ceoil; D: Parlús Bán; E: Clóiséad Ríoga; F: Seomra Ríchathaoireach; G: Parlús Glas; H: Gailearaí Croise; J: Bálseomra; K: Gailearaí Thoir; L: Parlús Buí; M: Seomra Láir/Balcóine; N: Seomra Lóin Síneach; O: Príomhphasáiste; P: Árasáin Phríobháideacha; Q: Limistéir Sheirbhíse; W: An Staighre Mór. Ar an mbunurlár: R: Bealach Isteach Ambasadóra: T: Príomhbhealach Isteach. Seasann na limistéir a léirítear le ballaí scáthaithe do sciatháin bheaga íochtaracha. Nóta: Is plean sceitse neamhscálaithe é seo le haghaidh tagairt amháin. Seans go bhfuil comhréireanna roinnt seomraí beagán difriúil dáiríre.

Tá 77,000 méadar cearnach (828,818 troigh chearnach) achar urláir sa phálás. Tá príomhsheomraí an pháláis ar an piano nobile taobh thiar den aghaidh a dhíríonn siar ar an ngairdín taobh thiar den phálás. Tá an Seomra Ceoil suite i lár na seomraí ornáideacha stáit sin agus is gné shuntasach den aghaidh é an bogha mór atá aige. Tá an Parlús Gorm agus an Parlús Bán taobh leis an Seomra Ceoil. Tá Gailearaí na bPictiúr i lár na seomraí agus feidhmíonn sé mar phasáiste a nascann na seomraí stáit. Tá sé soilsithe ón mbarr agus tá sé 55 slat (50 m) ar fad. Tá roinnt mhaith saothar ar crochadh sa Ghailearaí, le Rembrandt, van Dyck, Rubens agus le Vermeer i measc ealaíontóirí eile; is ó Ghailearaí na bPictiúr a thagann an Seomra Ríchathaoireach agus an Parlús Glas freisin. Is forsheomra ollmhór é an Parlús Glas don Seomra Ríchathaoireach, agus is cuid den bhealach deasghnách é chuig an ríchathaoir ón Seomra Garda ag barr an staighre mhóir. Tá dealbha bána marmair den Bhanríon Victeoiria agus den Phrionsa Albert agus iad gléasta i gculaith Rómhánach sa Seomra Garda. Tá siad suite i dtreabhann agus tá taipéisí ar gach aon taobh díobh. Ní úsáidtear na seomraí foirmiúla sin ach amháin chun aíocht dheasghnách agus oifigiúil a thabhairt, ach osclaítear iad don phobal gach samhradh.

Díreach faoi na hÁrasáin Stáit tá seomraí nach bhfuil chomh mór sin agus tugtar árasáin leathstáit orthu sin. Osclaíonn siad ón Halla Marmair agus úsáidtear iad le haghaidh aíochta nach bhfuil chomh foirmiúil céanna, ar nós cóisirí lóin agus éisteachtaí príobháideacha. Ainmnítear agus maisítear cuid de na seomraí do chuairteoirí ar leith, cosúil le Seomra 1844, a maisíodh an bhliain sin le haghaidh chuairt Stáit Impire Nioclás I na Rúise, agus Seomra 1855, ar an taobh eile den Seomra Bogha. Tá an Seomra Bogha i lár na seomraí sin agus téann na mílte cuairteoirí tríd gach bliain ag cóisirí gairdín na Banríona sa ghairdín lastall. Úsáideann an Bhanríon seomraí níos lú sa sciathán thuaidh go príobháideach. Seomra ceoil an Phrionsa Albert – ceann de na seomraí nach bhfuil chomh foirmiúil sin sa phálás i 1887

Idir 1847 agus 1850, nuair a bhí Blore ag tógáil an sciatháin nua thoir, foghlaíodh feistis ón bPailliún in Brighton arís eile. Mar thoradh air sin, tá atmaisféar suntasach oirthearach ag cuid mhaith seomraí sa sciathán nua. Tá an Seomra Lóin Síneach ar dhath dearg agus gorm déanta den fhleiteach agus den seomra ceoil in Brighton, ach tá aon ann a tháinig ó Brighton chomh maith atá ar stíl Indiach níos mó ná stíl Shíneach. Tá páipéar balla ón 18ú haois sa Pharlús Buí a soláthraíodh sa bhliain 1817 do Shalún Brighton, agus is leagan Eorpach é an t-aon sa seomra seo dá mhacasamhail Shíneach lena mhandairíní sméidte suite in almóirí agus lenadhragain eiteacha fhorghránna.


Seomra Bricfeasta na Banríona 


I lár an sciatháin seo tá an bhalcóin cháiliúil, agus tá an Seomra Láir taobh thiar dá doirse gloine. Is salún ar an stíl Shíneach é seo ar chuir an Bhanríon Máire leis agus, i dteannta an dearthóra Sir Charles Allom, a chruthaigh téama Síneach ní ba dhoichte go déanach sna 1920idí, cé gur tugadh na doirselaicir ó Brighton sa bhliain 1873. Tá gailearaí mór feadh fhad an piano nobile sa sciathán thoir agus tugtar an Príomhphasáiste go neamhbhorrach air. Síneann sé fad an taoibh thoir den cheathairuilleog. Tá doirse frithchaiteacha ann, agus trasbhallaí frithchaiteacha a fhrithchaitheann pagódaí poircealláin agus troscáin oirthearacha eile ó Brighton. Tá an Seomra Lóin Síneach agus an Parlús Buí suite ar gach taobh den ghailearaí agus, ar ndóigh, tá an Seomra Láir suite sa lár.

Nuair a thugtar cuairt stáit ar an mBreatain, is iondúil go gcuireann an Bhanríon siamsa ar fáil i bPálás Buckingham. Tugtar go leor seomraí dóibh ar a dtugtar an tsraith Bheilgeach agus atá suite ag bun Staighre an Mhinistir ar an mbunurlár denm sciathán gairdín lena aghaidh ó thuaid. Tá pasáistí cúnga idir seomraí na sraithe a nascann iad, agus tá airde agus peirspictíocht bhreise ag ceann acu mar gheall ar chruinneacháin sásair a dhear Nash ar stíl Soane. Tá tionchar Gotach le feiceáil i bpasáiste eile sa tsraith leis an mboghtáil thrasach. Dhear uncail an Phrionsa Albert, Léopold I, an chéad Rí ar na Beilgigh, na seomraí Beilgeacha féin agus ainmníodh iad as. Ní cinn stáit eachtrannacha amháin a d’fhan sa tsraith an uair sin áfach. Ar an mbunurlár, sna hárasáin leathstáit, maisíodh Seomra 1844 sa bhliain sin do Nioclás I na Rúise agus maisíodh Seomra 1855 sa bhliain sin le haghaidh chuairt Impire Napoléon III na Fraince. Sa bhliain 1936, bhí an tsraith Bheilgeach mar árasáin phríobháideacha sa phálás ar feadh tamall gearr nuair a chónaigh Éadbhard VIII inti.


Searmanais Chúirte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá athrú as cuimse tagtha ar shearmanas cúirte le linn an réimis reatha, agus ní hí an uasaicme amháin a fhaigheann cead isteach don phálás níos mó. Is é an Bálseomra Stáit an seomra is mó i bPálás Buckingham. Ba í an Bhanríon Victeoiria a chuir é leis an bpálás agus úsáidtear é le haghaidh insealbhuithe agus féastaí stáit. Tagann an pictiúr seo ón mbliain 1856. Tá maisiú bán le sonraí óir agus cumhdaitheoireacht dhearg ann den chuid is mó anois in áit na scéime dathanna polacróim.


Tuaslagadh na rialacha gléasta a bhain le culaith agus le héide fhoirmiúil chúirte de réir a chéile; i réimis eile, mura raibh siad ag caitheamh éide mhíleata, chaitheadh fir bríste glún ar dhearadh an 18ú haois. Bhí ar mhná scofall a chaitheamh, agus tiara nó eití (nó an dá rud) a chaitheamh ina ngruaig freisin. Tar éis an Chéad Chogadh Domhanda, theastaigh ón mBanríon Máire faisean nua a leanúint agus a sciortaí a ardú cúpla orlach ón talamh. D’iarr sí ar bhean choimhdeachta a sciorta féin a ghiorrú ar dtús go bhfeicfeadh sí conas mar a rachadh sé i bhfeidhm ar an Rí. Chuir sin uafás ar Rí Seoirse V agus lean a fáithimlíne d’fhad neamhfhaiseanta mar sin. Ina dhiaidh sin, lig Rí Seoirse VI agus an Bhanríon Eilís do sciortaí lae a ghiorrú.

Níl aon rialacha maidir le héide sa lá atá inniu ann. Roghnaíonn formhór na bhfear a fhaigheann cuirí chuig Pálás Buckingham i rith an lae éide sheirbhíse nó cótaí maidine a chaitheamh, agus sa tráthnóna roghnaíonn siad carbhat dubh nó bán ag brath ar fhoirmiúlacht na hócáide. Más ócáid “carbhat bán” í, caitheann na mná tiara ansin, má bhíonn a leithéid acu.

Tharla ceann de na hathruithe ba mhó sa bhliain 1958 nuair a chuir an Bhanríon deireadh le cóisirí toirbhearta do débutantes. Tharlaíodh toirbhirtí cúirte na gcailíní uasaicmeacha don mhonarc sa seomra ríchathaoireach. Chaitheadh débutantes éide iomlán chúirte, le trí eite arda ostraise ina gcuid gruaige. Thagaidís isteach, d’umhlaídís, dhéanaidís dromadáil chóiréagrafaíochta agus d’umhlaídís arís, fad is a bhídís ag ionramháil le scofall ar fad áirithe. Bhí an searmanas mar a chéile le “parlúis chúirte” ó réimis ní ba luaithe, agus chuir Bhanríon Eilís II cóisirí móra minice gairdín do mheascán de shochaí na Breataine ann in áit na dtoirbhirtí. Deirtear go ndúirt an Bhanphrionsa Maighréad, nach maireann, maidir le toirbhirtí na débutantes: “We had to put a stop to it, every tart in London was getting in.” Sa lá atá inniu ann, úsáidtear an Seomra Ríchathaoireach chun aithisc fhoirmiúla a chur i láthair, mar a dhéanann an Bhanríon ar a hIubhailí mar shampla. Is anseo ar an dás ríchathaoireach a ghlactar portráidí bainise ríoga agus grianghraif theaghlaigh.

Tarlaíonn insealbhuithe, lena n-áirítear ridire a dhéanamh de dhuine le claíomh, agus dámhachtainí eile i bParlús Victeoiriach an pháláis. Tógadh é sa bhliain 1854 agus is é an seomra is mó sa phálás – 123 ar 60 troigh (37 ar 20 m). Tá sé níos tábhachtaí agus baintear níos mó úsáide as ná an seomra ríchathaoireach anois. Le linn insealbhuithe, seasann an Bhanríon ar an dás ríchathaoireach faoi cheannbhrat ollmhór cruinneachánach veilbhite, ar a dtugtar shamiana nó téastar, agus úsáideadh é ag Durbar corónaithe i nDeilí sa bhliain 1911. Casann banna míleata i ngailearaí na gceoltóirí mar a dhruideann faighteoirí na ndámhachtainí leis an mBanríon chun a n-onóracha a fháil. Bíonn a gcuid teaghlach agus a gcairde ann le féachaint orthu. Léiríonn an tarraingt seo ó 1870 aíonna ag dréim an Staighre Mhóir.

Bíonn féastaí stáit ar siúl sa Bhálseomra chomh maith. Bíonn na dinnéir fhoirmiúla sin ar siúl ar an gcéad trathnóna de chuairt stáit Ceann Stáit. Ar na hócáidí sin, go minic itheann breis agus 150 aoí ó phlátaí óir agus iad gléasta i gcarbhat bán agus maisiúcháin, tiaraí do na mhná san áireamh. Tarlaíonn an fáiltiú is mó agus is foirmiúla i bPálás Buckingham gach Samhain, nuair a thugann an Bhanríon aíocht do bhaill den chór dioplómaitiúil eachtrannach a chónaíonn i Londain. Ar an ócáid sin baintear úsáid as na seomraí stáit uile, agus téann an teaghlach ríoga tríothu go léir ag tosú an mhórshiúil trí dhoirse móra thuaidh Ghailearaí na bPictiúr. Mar a shamhlaigh Nash, seasann na doirse móra frithchaiteacha go léir ar oscailt, agus frithchaitheann siad an iomad coinnleoirí craobhacha agus coinnleoirí iarainn, rud a chruthaíonn seachmall radhairc de spás agus de sholas d’aon ghnó.

Bíonn searmanais níos lú ar nós fáiltiú ambasadóirí nua ar siúl i Seomra 1844. Cuireann an Bhanríon cóisirí beaga lóin ar siúl ansin freisin, agus cruinnithe den Ríchomhairle go minic. Bíonn cóisirí lóin níos mó ar siúl go minic sa Seomra Ceoil, atá cruinneachánach cuar, nó sa Seomra Bia Stáit. Freastalaíonn Gíománach an Gharda ar gach ócáid nó searmanas foirmiúil agus iad gléasta ina n-éide stairiúil, chomh maith le hoifigigh eile chúirte cosúil leis an Ard-Seomairlín.

Ónar buamáladh séipéal an pháláis le linn an Dara Cogadh Domhanda, tharla baistí ríoga sa Seomra Ceoil uaireanta. Baisteadh triúr leanaí tosaigh na Banríona ansin in umar baiste speisialta óir. Baisteadh an Prionsa Uilliam sa Seomra Ceoil freisin; baisteadh a dheartháir, an Prionsa Harry, ag Séipéal San Seoirse, Windsor, áfach.

Is iad Cóisirí Gairdín na Banríona na hócáidí is mó den bhliain agus faigheann suas le 8,000 duine cuireadh chucu. Bíonn tae agus ceapairí ar fáil in ollphubaill sa Ghairdín. Nuair a chasann banna míleata an tAmhrán Náisiúnta, tagann an Bhanríon amach as an Seomra Bogha agus siúlann sí go mall i measc na n-aíonna i gceann a chéile i dtreo a pubaill phríobháidigh tae, agus í ag beannú dóibh siúd a roghnaíodh roimhe sin don onóir. Is féidir leis na haíonna sin nach bhfaigheann deis bualadh leis an mBanríon féin féachaint le haoibhneas ar an ngairdín.

Stair nua-aimseartha Lánléargas Phálás Buckingham, 1909

Tugadh beocht nua don phálás tar éis do Rí Éadbhard VII teacht i gcoróin i 1901. Bhí an Rí nua agus a bhean chéile an Bhanríon Alexandra i gcónaí chun tosaigh in ardsochaí Londan, agus measadh go raibh a gcairde, ar a dtugadh “Dream Theach Marlborough”, na daoine b’ardchéimiúla agus b’fhaiseanta den ré sin. Bhí Pálás Buckingham – an Bálseomra, an Príomhbhealach Isteach, an Halla Marmair, an Staighre Mór, na heardhaimh agus na gailearaithe a bhí maisithe ar scéim dathanna óir agus bánbhuí belle epoque atá fós ann anois – ina chroílár d’Impireacht na Breataine arís eile agus bhí sé ina ionad aíochta ar scála ollmhór. Measann roinnt mhaith daoine nach gcomhlánaíonn athmhaisiú mór an Rí Éadbhard ar an bpálás obair bhunaidh Nash. Fágadh ann é, áfach, ar feadh breis agus céad bliain.

Críochnaíodh aghaidh thoir Phálás Buckingham sa bhliain 1850, agus seo mar a bhí sé i 1910.


...athmhúnlaíodh é go dtí an chaoi a bhfuil sé anois i 1913.

Tharla an mhórobair dheireanach thógála le linn réimeas Rí Seoirse V nuair, i 1913, d’athdhear Sir Aston Webb aghaidh thoir de chuid Blore ón mbliain 1850 le go mbeadh sé ar aon dul, go páirteach, le Páirc Lyme Giacomo Leoni in Cheshire. Dearadh an phríomhaghaidh nua le cloch Portland le go mbeadh sé mar chúlra i gcomhair Chuimhneachán Victeoiria – dealbh mhór chuimhneacháin don Bhanríon Victeoiria, suite lasmuigh de na príomhgheataí. Bhí pearsantacht ní ba thromaí ag Seoirse V, a tháinig in áit Éadbhard VII sa bhliain 1910, ná mar a bhí ag a athair; leagadh béim ní ba mhó ar aíocht oifigiúil agus ar dhualgais ríoga ná mar a leagadh ar chóisirí flaithiúla. Ba shaineolaí ar na healaíona í bean chéile Sheoirse V, an Bhanríon Máire, agus bhí spéis lainneach aici sa Bhailiúchán Ríoga de throscáin agus d’ealaín. D’athchóirigh sí é agus chuir sí leis freisin. Cuireadh roinnt mhaith daingneán agus feisteas nua isteach le linn réimeas na Banríona Máire chomh maith, ar nós péire d’aoin mharmair ar stíl Impireachta le Benjamin Vulliamy a tháinig ón mbliain 1810, a shuiteáil an Bhanríon sa Seomra Bogha ar an mbunurlár – an seomra íseal ollmhór i lár na haghaidhe gairdín. Bhí an Bhanríon Máire freagrach chomh maith as an maisiú ar an bParlús Gorm. Tá ceann de na síleálacha – le painéil bháite de bhracanna ollmhóra eallóige óir – is fearr de chuid Nash sa seomra sin atá 69 troigh (21 m) ar fad agus ar tugadh an Parlús Theas air roimhe sin.

Thuairiscigh leabhar a d’fhoilsigh Roinn an Bhailiúcháin Ríoga (1999) go bhfuil 19 seomra stáit, 52 príomhsheomra leapa, 188 seomra leapa don fhoireann, 92 oifig, agus 78 seomra folctha sa phálás. Seans go bhfeictear air sin mar phálás mór, ach tá sé beag i gcomparáid le páláis impiriúla na Rúise i gCathair Pheadair agus in Tsarskoe Selo, Pálás an Phápa sa Róimh, an Pálás Ríoga i Maidrid, nó fiú iar-Phálás Whitehall, agus tá sé beag bídeach i gcomparáid leis an gCathair Thoirmiscthe agus le Pálás Potala. Faightear an tuiscint is fearr ar bheagmhéid choibhneasta an pháláis ón taobh istigh, agus tú ag féachaint amach ar an gceathairuilleog inmheánach. Cuireadh síneadh beag leis sa bhliain 1938, inar athchóiríodh an pailliún thiar thuaidh, a dhear Nash, ina linn snámha. Chruthaigh an dealbhóir Sir Thomas Brock Cuimhneachán Victeoiria sa bhliain 1911 agus cuireadh é ina sheasamh os comhair phríomhgheataí Phálás Buckingham ar cholbha a thóg an t-ailtire Sir Aston Webb.

Tháinig an pálás, áit chónaithe Rí Seoirse V agus na Banríona Máire, slán gan má gáinne air ón gCéad Chogadh Domhanda. Aslonnaíodh a raibh ann a bhí luachmhar go Windsor ach d’fhan an teaghlach ríoga mar a raibh siad. Ag an am sin, ba é an t-athrú ba mhó i saol na cúirte ná gur chuir an Rialtas ina luí ar an Rí na siléir fíona a chur faoi ghlas agus staonadh oscailte poiblí a dhéanamh ón alcól ar feadh an chogaidh ar fad, le go mbeadh sé ina dhea-shampla don ísealaicme, a bhí meisciúil mar dhea. Lean na hísealaicmí orthu ag ól agus bhí an Rí ar deargbhuile mar gheall ar a lánstaonadh éigeantach, de réir iomrá. Glacadh grianghraif de chlann an Rí ag an am sin agus iad ag tabhairt tae d’oifigigh ghortaithe sna Stáblaí Ríoga cóngaracha.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an bpálás le linn an Dara Cogadh Domhanda: buamáladh é seacht n-uaire ar a laghad, agus ba thargaid réamhbheartaithe é mar cheap na Naitsithe go mbeadh an náisiún in ísle brí mar gheall ar scriosadh Phálás Buckingham. Ba é scriosadh shéipéal an pháláis sa bhliain 1940 an bhuamáil ba thromaí agus ba phoiblithe: léiríodh tuairisciú ar an eachtra sin i bpictiúrlanna ar fud na Ríochta Aontaithe chun fulaingt choiteann na saibhre agus na mbocht a chur in iúl. Thit buama amháin i gceathairuilleog an pháláis fad is a bhí Rí Seoirse VI agus an Bhanríon Eilís sa bhaile, agus briseadh cuid mhaith fuinneog agus milleadh an séipéal. Cuireadh srian mhór ar thuairisciú eachtraí dá leithéid, áfach. Scannánaíodh an Rí agus an Bhanríon agus iad ag imscrúdú a mbaile bhuamáilte. Bhí an Bhanríon gléasta go foirfe mar ba ghnáth i hata agus i gcóta a chuaigh le chéile, agus an chuma uirthi nár chuir an damáiste thart timpeall uirthi as di. B’ag an am sin a dúirt an Bhanríon go cáiliúil: “I’m glad we have been bombed. Now I can look the East End in the face”. Léiríodh an teaghlach ríoga agus iad thíos le cruachás a gcuid géillsineach, mar a thuairiscigh The Sunday Graphic: “By the Editor: The King and Queen have endured the ordeal which has come to their subjects. For the second time a German bomber has tried to bring death and destruction to the home of Their Majesties...When this war is over the common danger which King George and Queen Elizabeth have shared with their people will be a cherished memory and an inspiration through the years.”

An 15 Meán Fómhair 1940 sháigh píolóta RAF, Ray Holmes, isteach in eitleán Gearmánach a bhí ag iarraidh an pálás a bhuamáil. Ní raibh aon mhuinisean fágtha ag Holmes agus rinne sé an cinneadh tapa é a shá. Thuairteáil an dá eitléan agus tháinig an bheirt phíolótaí slán uathu. Fuarthas taifead den eachtra sin ar scannán. Cuireadh inneall an eitleáin ar taispeáint ní ba dhéanaí san Iarsmalann Impiriúil Chogaidh i Londain. Tar éis an chogaidh, bhí an píolóta Briotanach ina Theachtaire don Rí. Fuair sé bás in 2005 agus 90 bliain slánaithe aige.

Ar Lá Bua san Eoraip – an 8 Bealtaine 1945 – ba é an pálás croílár cheiliúradh na Breataine, agus tháinig an Rí, an Bhanríon agus an Banphrionsa Eilís, an Bhanríon ina dhiaidh sin, agus an Banphrionsa Maighréad amach ar an mbalcóin, agus fuinneoga dubhaithe an pháláis taobh thiar díobh. Cuireadh fáilte rompu le gártha an tslua mhóir a bhí cruinnithe sa Mheal.

Ar dhá ócáid ar leith, d’éirigh le fear, Michael Fagan, briseadh isteach sa phálás.

An Gairdín, na Stáblaí Ríoga agus an Meal. Aghaidh thiar Phálás Buckingham, le haghaidh de chloch Bath, mar a fheictear é ó Ghairdíní an Pháláis.

Tá an gairdín mór, atá ar nós páirce, suite taobh thiar den phálás. I dteannta a locha, is é an gairdín príobháideach is mó i Londain.

Is ann a chuireann an Bhanríon a cuid cóisirí bliantúla gairdín i láthair, agus a bhíonn ócáidí móra chun clocha míle ríoga a cheiliúradh, ar nós iubhailí.

Tá na Stáblaí Ríoga suite in aice leis an bpálás agus cuirtear na cóistí ríoga ann, lena n-áirítear Cóiste Óir an Stáit. Dhear Nash na stáblaí sin chomh maith. Tá painéil a phéinteáil G. B. Cipriani ar an gcóiste óir rocócó a dhear Sir William Chambers i 1760. D’úsáid Seoirse III é den chéad uair don Oscailt Parlaiminte sa bhliain 1762 agus ní úsáideann an monarc é ach amháin le haghaidh corónuithe agus ceiliúradh iúbaile. Bíonn cónaí ar na capaill chóistí a úsáidtear i mórshiúlta searmanais ríoga sna Stáblaí chomh maith.

Dhear Sir Aston Webb an Meal – bealach deasghnách isteach chuig an bpálás – agus críochnaíodh é i 1911 mar chuid de mhórchuimhneachán na Banríona Victeoiria. Síneann sé chomh fada leis an Áirse Aimiréalachta, timpeall Chuimhneachán Victeoiria chuig réamhchúirt an pháláis. Úsáideann marclaigh agus próisisiamaí cairr gach ceann stáit a thugann cuairt an bealach seo, agus úsáideann an teaghlach ríoga é ar ócáidí stáit ar nós na hOscailte Parlaiminte agus Shlógadh na mBratach gach bliain.

An 21ú haois: Úsáid ríoga agus rochtain phoiblí

Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go mbíonn cónaí ar an mBanríon agus ar an bPrionsa Pilib i bPálás Buckingham i rith na seachtaine, ach is í an áit chónaithe don Diúc Eabhrac agus don Iarla agus don Chuntaois Wessex freisin nuair a bhíonn siad i Londain. Tá oifigí an teaghlaigh ríoga sa phálás freisin agus oibríonn 450 duine ann. An teaghlach ríoga ar an mbalcóin

Gach bliain, faigheann tuairim agus 50,000 aoi cuireadh chun cuairte chuig cóisirí gairdín, fáiltithe, éisteachtaí agus chuig féastaí. Go hiondúil bíonn trí Chóisir Gairdín ar siúl i rith an tsamhraidh – i mí Iúil de ghnáth. Úsáidtear Réamhchúirt Phálás Buckingham i gcomhair Athrú an Gharda – searmanas mór agus ní is díol spéise do thurasóirí (gach lá i rith mhíonna an tsamhraidh agus gach re lá i rith an gheimhridh).

Is leis an monarc an pálás go teicniúil; tá Caisleán Windsor agus Pálás Buckingham, mar aon lena mbailiúcháin ealaín, i seilbh ar iontaobhas dá comharbaí agus don náisiún. Tugtar an Bailiúchán Ríoga ar an méid a bhfuil i bPálás Buckingham, Caisleán Windsor, Pálás Kensington agus i bPálás San Séamas le chéile; is leis an náisiún é agus is féidir leis an bpobal féachaint air ar ócáidí áirithe. Tá Gailearaí na Banríona gar do na Stáblaí Ríoga ar oscailt don bhliain ar fad agus bíonn rogha mhalartach ón mbailiúchán ar taispeáint ann. Tá na seomraí ina bhfuil Gailearaí na Banríona suite ar láthair an iarséipéil, a ndearnadh damáiste dó le linn an Dara Cogadh Domhanda nuair a thit ceann de na seacht mbuama a thit ar an bpálás air. Tá seomraí stáit an pháláis ar oscailt don phobal i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair ón mbliain 1993 i leith. Cuireadh an t-airgead a saothraíodh i leith atógáil Chaisleán Windsor, tar éis dóiteáin sa bhliain 1992 a rinne damáiste do chuid mhaith dá sheomraí stáit.

Mar sin, is siombal é Pálás Buckingham de mhonarc na Breataine, is gailearaí ealaíne é agus is díol spéise do thurasóirí é. Taobh thiar de ráillí agus de gheataí óir a rinne Bromsgrove Guild, agus d’aghaidh cháiliúil Webb a ndéantar cur síos ar “like everybody’s idea of a palace”, oibríonn an fhoireann mhór atá fostaithe ag an teaghlach ríoga chun monarc bunreachtúil na Breataine a choinneáil ar siúl.

Tá a oifig phoist féin ag an bpálás; agus an postchód uathúil SW1A 1AA.