Úsáideoir:Cathalrua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mé Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cathal an tainm atá ormsa .Rugadh agus tógadh i nGaillimh mé sa bhliain ****.Is as An Siléar ,Ros Muc í mo mháthair agus is as Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí m'athair.Cé gur Gaillmheach mé breathnaíonn orm féin mar Chiarraíoch atá bunaithe i gConamara.Chaith mé formór m'óige ar an Siléar le mo mhamó agus an chuid eile den am i gCiarraí .Tá mé i mo chonaí ar an i gConamara faoi láthair ,cé nach bhfuil ann i ndáirire ach mo sheoladh poist mar ní bhíonn mé riamh sa mbaile.

Obair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is múinteoir mé i gColáiste Iognáid html://colaisteiognaid.com/headmaster i nGaillimh ach le dhá bhliain anuas tá mé ar iasacht ag Ionad Oideachais Mhúineacháin ag obair ar an Siollabas nua Tíreolaíochta don Ard Teist. html:www.scoilnet.ie/geography.Taitníonn an obair go mór liom ach an taon locht atá agam air ná an tiomáint ó cheann ceann na tíre.Déanaim tuairim's 25,000 míle míle sa bhliain agus ciallaíonn sé seo go bhfuil mé as baile go minic ag fanacht in ostáin.(ní íosfaidh mé ispín arís go brách).Bíonn mé ag obair go pairtaimseartha freisin le Roinn Na Tíreolaíochta freisin in OE Gaillimh.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cainteoir ó dhúchas Gaeilge mé agus ní raibh focal Béarla i mo phluic agam go dtí go ndeachaidh mé ar scoil.Is breá liom an Ghaeilge agus chuile rud a bhaineann leí agus is dóigh gur bé sin an fath gur thug me faoi M.Ai dTeagasc Teangacha.Mhothaigh mé riamh gur raibh géar gháth le athbhreithnú a dhéanamh ar na modhanna múinte a bhaineann leis an nGaeilge agus is iontach an deis atá túgtha ag Ollscoil Éireann Gaillimh html:www.nuigalway.ie/ dúinn chun tabhairt faoin obair sin.

Caitheamh aimsire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is breá liom peil ghaelach,rugbaí agus marcaíocht mhaidhme.Déanaim beagan feirméoireacht nuair a bhíonn an deis agam agus nuair a bheidh a M.A críochnaithe agam ta súil agam beagan níos mó ama a chaitheamh le sin.Ba bhreá liom seoltóireacht a fhoghlaim agus tá sé ar intinn agam é a dhéanamh amach anseo.Is í an aidhm atá agam ná húicéir mar seo a fháil lá brea éigean.

300
300

M.A[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chuid den M.A caithfidh mé súil a chaitheamh ar shúimh idirlíon eile ar an Vicipeid agus seo a leanas cuid de na cinn a chaith mé an súil céanna orthú.Ar fáth éigean níor chuir sé m'ainm le cuid acu cé go raibh mé logáilte isteach. Uachtarán na hÉireann Tíreolaíocht Polaitíocht Éiceolaíocht Talmhaíocht Eolaíocht an domhain Rugbaí