Úsáideoir:Cathal Óg/Alastar Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rugadh Alastar Mór (Μέγας Ἀλέξανδρος - Megas Alexandros sa Gréigis) i lár mi Iúil 356 R.C. i bPella sa Macadóin agus fuair sé bás ar an 13ú lá Meitheamh 323 R.C. sa Bhaibilóin, príomhcathair na Pheirse. Ba rí Alastar III na Maiceadón é, mac Pilib II agus impire na bPeirse. Roimh a báis, bhí sé i bhfeidhm ar an chuid is mó den domhan Gréigis, ón Thráis sa tuisceart go dtí bonn an Éigipt sa deisceart agus chomh fada le na sléibhte Himléitheacha agus an Indus san oirthear. Glaíodh "mac Ammon" (tar éis an dia Éigiptigh) air, agus smaointear air mar cheann de na ghinireáil is fearr riamh.

A hÓige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac Pilib II an Macadóin agus banphrionsa ó Eipíarais darbh ainm Oilimpéias ba ea Alastar. Dár le Pliútairc an Caíreóinéach, ní raibh Pilib a athair ar chor ar bith, ach Zeus-Ammon sa cruth nathair nimhe. Bhí roinnt ní ait timpeall am a breith, cosúil le brionglóidí le tintreach ag bualadh le Oilimpéais agus í ag iompar cloinne, agus an draoí Airistaindear an Teilmeiseach a cheap go raibh mac le pearsantacht leon ag teacht. Ar an oiche a rugadh Alastar, dhóigh Tearmann Artemis in Eifísis síos. Deir Pliútairc go raibh Artemis ró ghnóthach le breith an rí nua chun é a chosaint.

Buachaill féin-rialta a bhí sé, ach réasúnta freisin, agus toisc sin chur Pilib fios ar Aireastóiteal chun oideachas a thabhairt dó. D'fhoghlaim Alastar leigheas, meitifisic agus litríocht le Aireastóiteal.