Úsáideoir:Ériugena/Éireannais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá an Éireannais (.i.'Oirish' na hÉireann) ina nua-theanga bunaithe ar an Ghaeilge, a bhí tráth ar fáil go forleathan in Éirinn, in Albain agus in Oileán Mhanann.

I dteangacha eile, msh. an i nGaeilge Mhanann, tugtar 'Yernish' uirthi agus in Albainis a labhraítear in Albain, 'Erse' uirthi. I mBéarla na hÉireann tá an leagan 'Oirish' coitianta go leor freisin i mbéal an phobail, ach go háirithe iad siúd gur theip leo Oirish a fhoghlaim (I hate Oirish). De réir Rialtas na hÉireann, is féidir úsáid an fhocail 'Gaelic' in áit 'Irish' a bheith díspeagúil agus is féidir an t-ainm 'Gaelic', mearbhall a chur ar intinn na ndaoine. Sa Chóras Oideachais in Éirinn (sé sin na 26 contae), bíonn ar daltaí na tíre Éireannais a fhoghlaim mar dhara nó nua-theanga, sa chóras oideachais.[1] Os rud é nach bhfuil in Éireannais ach teanga réadtiomnaithe nó shaorga ( cosúil leis an Sparántis, is dócha) ní raibh gá ar bith le curaclam scoile do chainteoirí ó dhúchas a ofráil chun í a fhoghlaim mar ní raibh a leithéid ann!. Cé go raibh teanga na mbundúchasach Gaeil na hÉireann, sé sin an Ghaeilge (nó Irish Gaelic más fearr leat) in iomaíocht leis an teanga nua seo agus go raibh dúil ag Gaeil an Stáit go mbeadh an Rialtas in ann curaclam scoile éagsúil (T1) ón cheann a bhí ar fáil d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge (T2) a thairiscint dóibh, chinn an Stát ar an 'Oirish Solution' a chur i bhfeidhm. Is iad na curaclaim Éireannais chéanna a ghlacann an mionlach do mhic léinn ar cainteoirí dhúchas Gaeilge iad agus na bpaistí eile, iad siúd le Béarla nó teanga eile mar chéad teanga acu.

An gá le Curaclaim ar leithligh do chainteoirí dúchais Gaeilge.[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caithfear idirdhealú soiléir a dhéanamh idir an chéad teanga , an dara teanga agus teangacha iasachta. Níl aon chiall leis an tslí a bhfuil an scéal faoi láthair agus is míbhuntaise é do chainteoirí dúchais na Gaeilge agus ba chóir aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb ar bhonn práinne.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.ncca.ie/uploadedfiles/Publications/Plecaipeis.pdf Teangacha sa Churaclam Iar -Bhunoideachais