Úna-Minh Chaomhánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Úna-Minh Caomhánach)
Infotaula de personaÚna-Minh Chaomhánach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Iúil 1991
32 bliana d'aois
Vítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Suíomh gréasáinweareirish.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: unaminhkavanagh Instagram: unaminh LinkedIn: unaminhkavanagh Youtube: UC3Eh9IEmAhCIr5C2ADeaA9A Patreon: unaminhkavanagh TikTok: unaminh Twitch: yunitex Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir agus iriseoir dátheangach Éireannach agus bainisteoir meán sóisialta í Úna-Minh Chaomhánach, a rugadh sa bhliain 1991.

Luath Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Úna-Minh Chaomhánach i Vítneam sa bhliain 1991 agus trí lá ina dhiaidh sin, bhuail sí lena máthair uchtála Nóirín Ní Chíobháin i Hanoi. Ba mhúinteoir bunscoile as Trá Lí, Co. Chiarraí í Nóirín. Nuair a bhí Úna-Minh sé seachtaine d'aois tógadh chuig a baile nua in Éirinn í. Thóg Nóirín agus a seanathair, Pádraig Ó Cíobháin, í le Gaeilge agus le Béarla. Choinnigh sí uirthi ag déanamh staidéir ar an nGaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ghnóthaigh sí céim i nGaeilge agus Iriseoireacht.[1][2]

Ciníochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mBaile Átha Cliath, ar an 30ú Bealtaine 2013, bhí Úna-Minh ag seasamh ar Shráid Parnell nuair a tháinig buachaill as drong déagóirí agus rug sé greim ar a héadan is chaith seile léi agus é ag tabhairt íde ciníoch di. An freagra a thug sí air sin agus ar mhórán ócáidí eile cosúil leis sin nuair a bhraith sí ciníochas, ná feachtas a thosú ar an gcóras giolcaireachta Twitter ag ceiliúradh éagsúlacht na nÉireannach. De réir a leabhair Anseo rinne na meáin an eachtra sin a thuairisciú agus mhearscaip an scéal in Éirinn.[1][3][4][5]

Obair agus Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Oibríonn Úna-Minh mar shaoririseoir agus mar chruthaitheoir inneachair. D'oibrigh sí do TG4 agus leis an gceardchumann Fórsa. Le maoiniú óna leathanach Patreon cruthaíonn sí físeáin i nGaeilge do YouTube ar chluichíocht agus ar a cuid taisteal. Maoinítear na físeáin seo. Tá sí ina bhall den Choiste Frithchiníochais freisin.[6][7][8][9][10]

Chruthaigh Úna-Minh blag ar a haistear mórthimpeall Éireann lena máthair agus scríobh sí leabhar faoin a bheith á tógáil le Gaeilge, a grá don teanga agus déileáil le caillteanas, le cumha agus le ciníochas.[11][12][13][14]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • ANSEO: An Unconventional Irish Memoir. New Island Books. Deireadh Fómhair 16, 2019. ISBN 1848407491.
  • DIY Gaeilge: 150 Online Irish Language Resources.
  • DIY Gaeilge Part Two: 50 More Irish Language Resources.
  • Experience Ireland. Lonely Planet. Márta 2022. ISBN 9781838694692.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Céad míle fáilte?" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  2. The Department of Justice and Equality. "Action Plan Against Racism for Ireland to be drawn up by new independent Anti-Racism Committee" (en). The Department of Justice and Equality. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  3. "This Kerry woman was sick of being asked why she looked 'different' - so she set up a project about Irish diversity". www.dailyedge.ie. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  4. Una-Minh Kavanagh. "They called me a Chink and spat at me. No one helped" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  5. Hugh O'Connell. "Young woman racially abused and spat on in Dublin city centre" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  6. "Anseo! Úna-Minh Kavanagh on being positive & saying no to racism" (as en) (2020-01-08). 
  7. "Online Lives: Úna-Minh Kavanagh" (en). Irish Examiner (2018-01-29). Dáta rochtana: 2020-10-08.
  8. Elaine Kinsella (2019-11-06). "Kerry's most influential women at home and abroad". RSVP Live. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  9. "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  10. "Úna-Minh Kavanagh To Launch First Book In Tralee Next Week" (en-US). traleetoday.ie (2019-10-15). Dáta rochtana: 2020-10-08.
  11. Shauna Bowers. "Every day is mother’s day as duo travel the world together" (en). Dáta rochtana: 2020-10-08.
  12. Eoin O. Broin. "Anseo: a beautiful book interweaving family, race, Gaeilge and social media" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  13. "This Gaeilgeoir had the best response for a man who questioned her 'Irishness'". www.dailyedge.ie. Dáta rochtana: 2020-10-08.
  14. "Úna-Minh Kavanagh To Launch First Book In Tralee Next Week" (en-US). traleetoday.ie (2019-10-15). Dáta rochtana: 2020-10-08.