Fléaróiviam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Únúncuadiam)
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachFléaróiviam
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Fléaróiviam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachFl agus Uuq
Uimhir adamhach114
Mais adamhach289.191
Peiriad, Grúpapeiread 7
Dúil Ghrúpa 14
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh
FionnachtainEanáir 1999
EapainmFlerov Laboratory of Nuclear Reactions (en) Aistrigh

Is é an fléaróiviam dúil cheimiceach uimhir a 114. Fl an tsiombail cheimiceach. Cosúil leis na dúile troma trasúránacha eile is dúil shaorga shintéiseach é, agus leathré chomh gearr aige is nach féidir ach adaimh aonair de a ghineadh sna saotharlanna. Sa bhliain 1998 a d'aithin na fisiceoirí i Saotharlann Flyorov i nDubna in ace le Moscó, agus sa bhliain 2012 a ghlac eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí leis an ainm nua atá bunaithe ar ainm na saotharlainne. Tagairt é ainm na saotharlainne don fhisiceoir Rúiseach Georgii Flyorov (nó Flerov, Флеров, mar a litrítear é - sa chaint déantar "yo" den "e" faoi bhéim sa Rúisis).

Tá an fléaróiviam chomh radaighníomhach is nach féidir mórán a fháil amach faoina airíonna ceimiceacha. Tá sé in aon ghrúpa leis an gcarbón agus an sileacan, ach is deacair a rá an bhfuil sé cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa. Dealraíonn sé, fiú, gur féidir go bhfuil sé níos cosúla leis na triathgháis ó thaobh na ceimice de. Na hiseatóip atá ar eolas ag na fisiceoirí faoi láthair, níl siad ach cúpla soicind nó cuid den tsoicind ar leathré, ach san am chéanna glactar leis go bhfuil an fléaróiviam suite in "oileán na cobhsaíochta" agus gur féidir go bhfuil iseatóip aige is cobhsaí ná aon cheann dár aithin na fisiceoirí go nuige seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]