Moscóiviam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Moscóiviam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Mc agus Uup |
Uimhir adamhach | 115 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 15 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | Joint Institute for Nuclear Research (en) |
Fionnachtain | Lúnasa 2003 |
Eapainm | Cúige Mhoscó |
Is é an moscóiviam[1] dúil cheimiceach uimhir a 115, agus is é Mc an giorrúchán a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Dúil shaorga shintéiseach
é an moscóiviam, agus é an-ghearrshaolach fosta, mar is dual do na dúile troma trasúránacha. An t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, is é sin moscóiviam 290, níl sé féin ach ocht ndeichiú cuid den tsoicind ar leathré.
Comhthoireann Rúiseach-Mheiriceánach d'fhisiceoirí núicléacha, agus iad ag obair i nDubna in aice le Moscó, a d'aithin an chéad adamh moscóiviam riamh sa bhliain 2003. Sa bhliain 2016 a fuair ainm na dúile seo faomhadh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta na bhfisiceoirí is na gceimiceoirí.
Tá an moscóiviam suite in aon ghrúpa leis an nítrigin agus an fosfar sa tábla peiriadach, ach is deacair a dhath a rá i dtaobh airíonna ceimiceacha na dúile seo, chomh héagobhsaí is atá sí.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““moscóiviam” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-06.
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |