Úirchill an Chreagáin (dán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dán cáiliúil le hArt Mac Cumhaigh is ea Úirchill an Chreagáin.

Ceirnín Ghael-Linn,CES.015,45 C.S.N

Tá cuntas ar an amhrán seo i leabhar Phádraigín Ní Uallacháin, A Hidden Ulster. An leagan údarásach anois is dóigh an leagan a chuir Tomas Ó Fiaich i gcló ina eagrán de dhánta Mhic Cumhaigh. Bhí an t-amhrán i mbéal na ndaoine i gceantar oirdheisceart Uladh nó gur imigh na cainteoirí dúchais dheireanacha, agus dar ndóigh tá sé á rá i gcónaí. Séamus Ennis ba chúis leis an fhonn a scaipeadh. Sheinneadh seisean é mar fhonn píobaireachta. Gan amhras, tháinig athruithe air in imeacht na mblianta, agus tá an leagan a deir Pádraigín Ní Uallacháin ar an cheann is dilse don rud a bailíodh ó na sean-Ghaeilgeoiri. Aisling atá san amhrán nach mbíonn ag dréim le haon leigheas ar chás na nGael ó Sheárlas Óg mar a bhíonn aislingí na Mumhan. Chum Mac Cumhaigh aisling amháin eile "Aige Cuan Bhinn Éadair" — níl na haislingí róchoitianta i gCuige Uladh diomaite den dá cheann sin.

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Siad na focla ná:

Ag Úirchill an Chreagáin sea chodail mé aréir faoi bhrón
‘S le héirí na maidne tháinig ainnir fá mo dhéin le póig
Bhí gríosghrua ghartha aici agus loinnir ina céibh mar ór
‘S gurbh é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríoghain óir
Ó a fhialfhir charthannaigh ná caitear thusa i néalta bróin
Ach éirigh go tapaidh agus aistrigh liom siar sa ród
Go tír dheas na meala nach bhfuair Gaillibh inti réim go fóill
‘S gheobhair aoibhneas ar hallaí a’ mo mhealladhsa le siamsa ceoil
‘Sé mo ghéarghoin tinnis gur theastaigh uainn Gaeil Thír Eoghain
Agus oidhrí an Fheadha gan seaghais faoi líg dár gcomhair
Géaga glandaite Néill Fhrasaigh nach dtréigfeadh an ceol
‘S chuirfeadh éideadh fán Nollaig ar na hollaimh bheadh ag géilleadh dóibh
A théagair ‘s a chuisle más cinniúin duit mé mar stór
Tabhair léagsa is gealladh sula rachaidh muid ar aghaidh sa ród
Má éagaim fán tSionainn i gCríoch Mhanainn nó fán Éigipt Mhór
Gurb’ i gCill chumhra an Chreagáin a leagfar mé i gcré faoi fhód

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]