Úirchill an Chreagáin (áit)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Úirchill an Chreagáin
Íomhá
Sonraí
CineálReilig
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Ard Mhacha, Northern Ireland

Is reilig in aice le Crois Mhic Lionnáin i ndeisceart Ard Mhacha ar scríobh Art Mac Cumhaigh dán cáiliúil fúithi í Úirchill an Chreagáin.

Tá Úirchill an Chreagáin ann i gcónaí — reilig de chuid Eaglais na hÉireann anois é i gceantar an Chreagáin. Bhí an phluais nó an chnámhlann inar chum Art Mac Cumhaigh dán den ainm céanna sin caillte ar feadh na mblianta ach chuaigh tarracóir thairis agus aimsíodh an áit de thaisme arís. Tá blaoscanna na Niallach le feiceáil go fóill sa chill - "géaga glandaite Néill Fhrasaigh" gan aon áibhéil.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]