Úfó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Céard atá anseo, meas tú: úfó? cleas magaidh? aerárthach míleata? aimhrialtacht atmaisféarach? spásárthach ó Bhealach na Bó Finne? Nó an amhlaidh nach bhfuil ann ach molchaidhp nó seanhata?

Is éard is úfó ann ná réad atá ag eitilt agus nach féidir a aithint ná a mhíniú go sásúil. Tagann an focal Gaeilge seo ón acrainm Béarla UFO (unidentified flying object, nó réad eitilte gan aithint sa Ghaeilge[1]). Bíonn gach cineál scéalta seafóideacha ag dul timpeall agus iad ag cur in iúl gur spásárthaí ó phláinéad eile iad na húfónna, ach tá an fhírinne níos simplí: réadanna amuigh ar an spéir atá iontu nár aithníodh - dá n-aithneofaí mar spásárthaí ó phláinéad eile iad, ní úfónna a bheadh iontu a thuilleadh!

An chuid is mó de na húfónna, is féidir iad a mhíniú ar chúiseanna nádúrtha - scéal eile, ar fad, nach mbíonn a fhios ag na daoine an míniú ceart. Inniu, mar shampla, is fánach duine amach ó na mairnéalaigh a chuala iomrá ar ghealán San Elmo, ar feiniméan nádúrtha é go hiomlán, gan bhaint dá laghad leis na harrachtaigh ón spás. Thairis sin, áfach, níor éirigh leis na saineolaithe féin gach aon fheiniméan de chuid an atmaisféir a mhíniú go hiomlán - cosúil leis na splancanna liathróide nó leis na soilse talún, arb iad an díol spéise is mó anseo iad.

Na Soilse Talún agus an Bolcánachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cineál caorthinte atá sna soilse talún is mó a fheictear in áiteanna a bhfuil bolcánachas, talamhchreathanna nó saintréithe eile geolaíochta le haithint. In áit den chineál sin a chonaic an t-eitleoir Kenneth Arnold, an fear a chuir tús le histéire mhór na n-úfónna thiar i ndeireadh na 1940idí, a chuid "sásar ag eitilt". Nó is amhlaidh go raibh Arnold ag eitilt in aice le Sliabhraon na Cascáide in iarthar Mheiriceá Thuaidh. Raon de bholcáin bheo é Sliabhraon na Cascáide, siúd is nach minic a bhíonn na bolcáin seo ag brúchtadh. Is dócha go bhfuil gníomhaíocht mhaighnéadach sa talamh de thoradh an bholcánachais seo, agus baint éigin aici leis na soilse san aer, ach teastaíonn tuilleadh taighde leis an mbaint sin a shainmhíniú go sásúil.

Comhaid faoi cheilt?[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic a insítear scéalta i measc daoine a bhfuil spéis acu in úfónna a thugann le fios go bhfuil an fhírinne faoi na húfónna curtha i bhfolach ar an saol mór ag comhcheilg an lucht rialtais, agus na comhaid ag cur thar maoil le tuairiscí rúnda nach dtaispeántar dúinn. Rinne an sraithscéal teilifíse úd The X-Files seó mór de na liomhaintí seo, agus is dócha gur thuill an seó go leor airgid do lucht a scannánaithe fosta. Mar sin féin, nuair a choimeádtar taifid faoi cheilt, gríosann sé daoine do gach sórt tuairimíochta agus teoiricí comhcheilge a fhad is a choinnítear an fhianaise faoi cheilt. Tá na húfó-eolaithe féincheaptha agus na saineolaithe ar aon bharúil i dtaobh aon rud amháin ar a laghad: is é sin, go mba chóir an cineál seo doiciméad a phoibliú. Ar ndóigh, creideann roinnt diograiseoirí comhcheilge go nochtfadh na comhaid gur spiaire de chuid na bhfear beag uaine atá san Uachtarán Bush (nó rud éigin cosúil leis sin). Na réalteolaithe, áfach, is é a mbarúilsean ná go bhfuil an rúndacht féin ag cruthú níos mó fadhbanna ná cibé poiblíocht: dá mbeadh comhaid rúnda den chineál seo ar fáil go hoscailte, d'fhéadfadh na saineolaithe míniúcháin nádúrtha a thabhairt ar na himeachtaí i gceist agus míshuaimhneas na ndaoine a mhaolú.

Ar an 25 Iúil 2021, áfach, seoladh Tuairisc ar UAPanna de chuid an Pheinteagáin, ina úsáidtear an téarma UAP (unidentified aerial phenomena; 'feiniméin gan aithnid san aer') chun cuma níos dáiríre a thabhairt don scéal. Admhaíodh nach bhfuil a fhios ag na Stáit Aontaithe cad iad na réada atá le feiceáil i roinnt físeán a taifeadadh ó eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe os cionn an Aigeáin Atlantaigh agus an Aigeáin Chiúin. Dar leis an tuairisc, b’fhéidir gur tranglam san aer; feiniméin nádúrtha san atmaisféar; teicneolaíocht de chuid thionscal SAM nó de chuid rialtas SAM; árthaí eachtrannacha; nó eile atá in UAPanna.

Rangú na mBreathnuithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le córas éigin a thabhairt isteach i saol mí-ordaithe na h-"úfó-eolaíochta", mhol an tOllamh J. Allen Hynek - duine den bheagán saineolaithe a chuaigh i ngleic le ceist na n-úfónna i ndáiríre - an t-aicmiú seo a leanas a úsáid le cineálacha éagsúla breathnuithe a láimhseáil i saothair staitisticiúla:

Cineál breathnú Míniú
Solas oíche (NL, nocturnal light an Bhéarla) Feictear soilse geala do-mhínithe thuas sa spéir istoíche.
Diosca lae (DD, daylight disc an Bhéarla) Feictear diosca lonrach le solas an lae
Sonrú súl agus radair (R/V, radar/visual an Bhéarla) Ní hamháin go bhfuil an réad le feiceáil le súile cinn an duine - aithníonn an radar é chomh maith
Dlúth-theagmháil den chéad chineál (CE I, close encounters of the first kind an Bhéarla) Tá an breathnóir in ann gléasra de chineál anaithnid a aithint le súil a chinn faoi chúig chéad troigh (ceithre scór méadar) de féin, nó níos cóngaraí fós.
Dlúth-theagmháil den dara cineál (CE II, close encounters of the second kind an Bhéarla) Fágann na "cuairteoirí" lorg a lámh ar an timpeallacht nádúrtha
Dlúth-theagmháil den tríú cineál (CE III, close encounters of the third kind an Bhéarla) Éiríonn leis an duine radharc a fháil ar neacha eachtardhomhanda (neacha intleachtúla ó phláinéad eile), nó fiú comhrá nó cumarsáid a dhéanamh leis na neacha eachtardhomhanda

J. Allen Hynek agus na hÚfónna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iad siúd atá eolach ar stair an fhicsin eolaíochta, is dócha gur aithin siad teideal an scannáin a bhain amach a chlú do Steven Spielberg thiar sna 1970idí. Bhí an tOllamh Hynek páirteach i ndéanamh an scannáin mar chomhairleoir eolaíoch. Maidir le saol Hynek féin, ollamh fiúntach le réalteolaíocht a bhí ann, go dtí gur earcaigh Aerfhórsa na Stát Aontaithe é le scagadh a dhéanamh ar na tuairiscí a bhí tugtha ag na heitleoirí ar na húfónna a bhí feicthe acu. Bhí Hynek drochamhrasach go maith i dtaobh na n-úfónna ar tús, ach de réir a chéile, d'éirigh sé iontach díograiseach fúthu, agus é suite siúráilte gur feiniméan tábhachtach a bhí i gceist - nó sin é an port a bhíodh sé a sheinm leis na meáin chumarsáide, ar a laghad.

Bíonn lucht díograise na h-"úfó-eolaíochta" ag áitiú orainn, ar ndóigh, gur spásárthaí de chuid na n-arrachtach eachtardhomhanda iad na húfónna. Is mór an taca dóibh é gur athraigh saineolaí oilte cosúil le Hynek a bharúil i dtaobh na bhfeiniméan seo i rith a chuid taighde orthu. Nach mba chóir na húfónna a ghlacadh i ndáiríre anois, ó chuaigh leithéid Hynek le húfó-eolaíocht i ndiaidh dó spléachadh a thabhairt ar na comhaid rúnda? - Sin é an cineál caint a chluinfeá ag na díograiseoirí. Ar an drochuair, tá míniú eile ann: nuair a tháinig deireadh le tionscadal an Aerfhórsa, bhí Hynek chomh sáite sna húfónna agus nach raibh sé in ann leanúint leis ag déanamh taighde ar an bhfíor-réalteolaíocht a thuilleadh. Ós rud é go raibh bia agus beatha de dhíth air mar sin féin, agus é in ann a thuiscint go raibh airgead mór i gcultas na n-úfónna, chuaigh sé ag tabhairt óráidí do na díograiseoirí lena chuid a shaothrú, agus é ag cur gothaí an díograiseora air féin leis an lucht féachana. Sin é an chiall chiniciúil is féidir a bhaint as an scéal.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]