Ó mo Bheirt Phailistíneach (Dán)
Cuma
Teideal bunaidh | Ó mo Bheirt Phailistíneach |
---|---|
Foirm cheoil | dán |
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge |
Dáta foilsithe | 1983 agus 1982 |
Chum an file Michael Davitt an dán Ó mo Bheirt Phailistíneach. Foilsíodh é i 'Bligeard Bráide', Coiscéim, BAC 1983.
Bhunaigh agus d'eagraigh Davitt an iris filíochta "Innti". D'oibrigh sé le RTÉ mar thuairisceoir agus láithreoir. I 1994, bhronn An Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh air. Bhí sé ina bhall d'Aosdána.
An dán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bhrúigh mé an doras
- oiread a ligfeadh solas cheann an staighre
- orthu isteach:
- na héadaí leapa caite díobh acu
- iad ina luí sceabhach
- mar a thiteadar:
- a gúna oíche caite aníos thar a mása
- fuil ar a brístín lása,
- as scailp i gcúl a cinn
- a hinchinn sicín ag aiseag ar an bpiliúr,
- putóg ag úscadh as a bholgsan
- mar fheamainn ar charraig,
- ae ar bhraillín,
- leathlámh fhuilthéachta in airde.
- Ó mo bheirt Phailistíneach ag lobhadh sa teas lárnach.