Éirí is tuirlingt ingearach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Convair XFY-1 Pogo san aer

Aírí a luaitear le heitleáin mhíleata ar leith le sciatháin dhobhogtha. Mar shampla, an Harrier de chuid Hawker Siddeley sa Bhreatain, ar féidir leis an sá óna scairdinnill a fheistiú go hingearach is é ag éirí nó ag tuirlingt, agus a athrú go dtí an cothromán is é ag taisteal go cothrománach ó áit go háit. Tá dearaí eile ag aerfhórsa Mheiriceá, cuid acu cosúil leis an gConvair XFY-1, a sheasann ar a eireaball agus a éiríonn is a thuirlingíonn go hingearach, ag athrú go dtí an cothromán is é ag eitilt.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Éirí is tuirlingt ingearach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.