Jump to content

Éigniú Gisèle Pelicot

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtÉigniú Gisèle Pelicot
Map
 44° 03′ 24″ N, 5° 07′ 41″ E / 44.0567°N,5.1281°E / 44.0567; 5.1281
Cineáltriail
cás coiriúil Cuir in eagar ar Wikidata
TréimhseIúil 2011 - Deireadh Fómhair 2020
SuíomhMazan, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachGisèle Pelicot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
Cúiseamhaggravated rape (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Éigníodh Gisèle Pelicot, bean Fhrancach a rugadh ar an 7 Nollaig 1952, go rialta idir 2011-2020. Ar an 19 Nollaig 2024, i gcúirt in Avignon sa Fhrainc, gearradh fiche bliain príosúin ar Dominique Pelicot, a fear chéile. Thug sé drugaí dá bhean le go bhféadfadh sé féin agus 72 fear eile, ar thug sé cuireadh dóibh, í a éigniú ina teach cónaithe i mbaile Mazan, i ndeisceart na Fraince, thar tréimhse deich mbliana.[1][2]

Gisèle Pelicot

Phléadáil Dominique Pelicot, 72 bliain d'aois in 2024, ciontach i ndrugaí éagsúla a thabhairt do Gisèle Pelicot i ngan fhios di agus ina héigniú nuair a bhí sí i dtámhnéal. Phéadáil sé ciontach freisin i gcuireadh a thabhairt ar an idirlíon d'fhir eile teacht chuig a dteach cónaithe d'fhonn í a éigniú.

Mar leis na fir eile sin, ciontaíodh 47 acu in éigniú, beirt acu in iarracht ar éigniú agus beirt eile in ionsaí gnéasach. Téarmaí príosúin idir trí bliana agus cúig bliana déag a gearradh ar na ciontóirí. Mhaígh cuid acu sa triail gur chreid siad gur 'cluiche collaíochta' a bhí san éigniú agus gur le lánchead na mná a bhí siad ag glacadh páirte ann. Bhí duine na fir ar a theitheadh agus ciontaíodh é in absentia.[2]

Bhí an t-ádh ar 23 fear eile. Ní raibh na póilíní in ann teacht orthu riamh (gan uimhir ghutháin nó drochíomhá srl)..

Taobh amuigh den chúirt ar an 19 Nollaig 2024, dúirt Gisèle Pelicot gur mhór an crá croí an triail. Ghabh sí buíochas le gach duine a thacaigh léi ó tháinig an cás chun solais. Dúirt sí freisin nach raibh aon aiféala uirthi gur éisteadh an triail os comhair an tsaoil.[2]

Príomh-Chúirt Choiriúil i mBÁC

Tharla cás den chineál céanna in Éirinn sa bhliain 2018. Sa bhliain 2022, bhí 15 mí príosúin curtha ar iarfhostaí de chuid Raidió na Gaeltachta as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar bhean a bhí ina codladh in 2018. Ciontaíodh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Mícheál Ó Leidhin, 38 ag an am, a bhí ina chomhfhreagraí polaitíochta le Raidió na Gaeltachta i dTeach Laighean. Dúirt an t-íospartach gur ionsaíodh í nuair a bhí sí ina codladh agus gur ionsaí ar a corp, a hintinn, a tuiscint uirthi féin agus an tuiscint go raibh sí sábháilte sa saol seo.[3]

Féach freisin    

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht a hAon, RnaG (2024-12-19). "John Maguire, Iriseoir atá lonnaithe i bPáras." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-12-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-12-19). "Gisèle Pelicot: 47 fear ciontaithe ina héigniú agus í i dtámh" (as ga-IE). 
  3. "15 mí príosúin curtha ar iarfhostaí de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta as ionsaí gnéasach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-07-26). Dáta rochtana: 2024-12-20.