Jump to content

Éada Próis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leathanach ó chóip lámhscríofa den Éada Próis ón 18ú haois

Is éard atá san Éada (Sean-Lochlainnis: Edda), nó an t-Éada Próis mar a thugtar air anois chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus Éada na nDán, ná leabhar Sean-Lochlainnise a scríobhadh san Íoslainn sa 13ú haois. Meastar gur scríobh Snorri Sturluson na hÍoslainne é, nó gur chuir sé é le chéile ar a laghad ar bith, t. 1220. Is é an foinse is fearr ar marthain faoi Mhiotaseolaíocht Lochlannach é, agus tá sé bunaithe ar dhánta ársa éagsúla, ina measc, na cinn sin atá ar fáil in Éada na nDán.

Níltear cinnte cad is brí leis an bhfocal Edda. Tá teoiric ann gur 'leabhar Oddi' atá ann – is é Oddi an baile mór inar tógadh Snorri, ach ní raibh sé fós ina chónaí ann agus é ag scríobh an Éada. Luann taighdeoirí eile gurbh fhocal Sean-Lochlainnise é edda a chiallaigh 'sin-seanathair', agus go raibh an chiall 'filíocht, spreagadh' ag an bhfocal óðr. Tá teoiric eile bunaithe ar an bhfocal Íoslainnise kredda 'creideamh' (ón Laidin credo 'creidim'): seans go raibh focal edda 'scríbhneoireacht' ann freisin, ón Laidin edo 'scríobhaim'.

Tá ceithre ‘leabhar’ ann san Éada Próis:

Ba Chríostaí é Snorri, agus ní raibh sé ag iarraidh fearg a chur ar an Eaglais agus é ag scríobh faoi na scéalta págánta. Mar sin, chum sé réamhrá ina míníonn sé nach raibh sna 'déithe' ach daoine daonna forbartha a tháinig ón Traí go dtí an Eoraip Thuaidh, agus a mbíodh na Lochlannaigh á n-adhradh.

Gylfaginning

In Gylfaginning ('Cur Amú Gylfi'), insíonn trí neach darb ainmneacha Haar, Jafnhär agus Þridie (Ard, Lán-Chomh-hArd, agus Tríú) don Rí Gylfi faoi stair na nÆsir, na Vanir, na Jötnar agus na naoi ndomhan ar fad. Dar le Snorri, a bhí ag géilleadh don Eaglais, tá Gylfi á chur amú mar níl na hÆsir ná na Vanir ina bhfíordhéithe ar chor ar bith.

Skáldskaparmál

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is comhrá é Skáldskaparmál ('Friotal na bhFilí') idir Aeigir (pearsantú den fharraige) agus Bráigí (dia na bhfilí). Mínítear na nathanna meafaracha agus na focail ornáideacha a úsáidtear san Éada.

Is liosta de na cineáil véarsaíochta a úsáidtear sa Sean-Lochlainnis é Háttatal a scríobh Snorri féin.