Ár Lá Cuimhneacháin (1987)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtÁr Lá Cuimhneacháin
Map
 54°20′40″N 7°38′05″W / 54.3444°N 7.6347°W / 54.3444; -7.6347
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana8 Samhain 1987 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhInis Ceithleann, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna12 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe63 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 8 Samhain 1987, maraíodh aon duine dhéag agus gortaíodh trí scór i mbuama Inis Ceithleann (Contae Fhear Manach), nó Ár Lá Cuimhneacháin, 1987.[1][2] Bhásaigh duine eile a gortaíodh san ionsaí buamála sa bhliain 2000 tar éis dó trí bliana déag a chaitheamh i gcóma.

Cuimhneachán, Inis Ceithleann

Ar an gcéad Domhnach i mí na Samhna 1987, bhailigh daoine le chéile in Inis Ceithleann chun cuimhneamh orthu siúd a maraíodh i gcogaí san am a chuaigh thart.[3][4]

Gordon Wilson[5] agus a bhean chéile

Agus daoine ag bailiú le chéile ag leacht cuimhneacháin na gcogaí, phléasc buama agus caitheadh bruscarnach ar fud na háite.

Bhí Gordon Wilson agus a iníon, Marie, ábhar altra a bhí 20 bliana d’aois, clúdaithe cúpla troigh thíos faoin mbrablach. Feachtasóir ar son na síochána a bhí in Gordon Wilson níos déanaí.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor cúisíodh ná níor ciontaíodh aon duine riamh faoin ionsaí buamála. “Botún” a bhí i gceist, is cosúil dúirt an IRA gur phléasc an buama roimh am.[6]

Ag an am, mheas Máirtín Ó Muilleoir, Sinn Féin, go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid. Ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh. Dúirt sé níos déanaí, “Inis Ceithleann an chéad cheann de na mór-uafáis a tharla a thug le fios domsa go raibh an streachailt armtha mícheart agus nach raibh sé ag dul a oibriú. Bhí ceist mhór mhorálta ann fosta mar go raibh daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis.”[7]

Nochtadh leacht in Inis Ceithleann ar an 8 Samhain 2017 i gcuimhne na ndaoine a maraíodh san ionsaí buamála ar an mbaile.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Beo! - Máirtín Ó Muilleoir". web.archive.org (2018-08-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-27. Dáta rochtana: 2020-11-07.
  2. Aodhagán Ó Raghallaigh. (1 Samhain 2007). "An tUltach 83 (11), lch20-21". Dáta rochtana: 2020.
  3. Clare Richards at Eden. "Revolutionary Christians Who Live the Gospel". www.eden.co.uk. Dáta rochtana: 2020-11-07.
  4. examinations.ie (SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2012). "OIDEACHAS REILIGIÚNACH ― ARDLEIBHÉAL". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
  5. 5.0 5.1 "Gordon Wilson (peace campaigner)" (as en) (2020-09-02). Wikipedia. 
  6. Denzil McDaniel (1997). "Enniskillen: The Remembrance Sunday Bombing" (as en). Wolfhound Press. 
  7. Éamonn Ó Dónaill (Iúil 2001). "Máirtín Ó Muilleoir" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2022-11-09.
  8. Nuacht RtÉ (2017-11-08). "Leacht cuimhneachnáin nua nochta in Inis Ceithleann inniu" (as ga).