Áiritheoir comhréireach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Feiste chun conairí cáithníní luchtaithe a chruthaítear i dturgnaimh i bhfisic na gcáithníní a mhonatóiriú. Bíonn eagair leictreoidí sreinge ann le réimse leictreach a chruthú chun na hiain, a dhéanann an sruth cáithníní luchtaithe, a luasghéarú. Gineann na hiain seo bíoga voltais idir na leictreoidí, agus taifeadtar iad seo go leictreonach chun léarscáil chonairí na gcáithníní a chur ar fáil. Foirmeacha coitianta áiritheora chomhréirigh is ea an síobfheadán is an t-áiritheoir comhréireach ilsreangach. Bhuaigh an fisicí Francach Georges Charpak (1924-) Duais Nobel na Fisice i 1992 as ceapadh an áiritheora dheireanaigh seo.