Na Cnoic Arda
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Na Cnoic Arda | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1165823 |
Is sráidbhaile é Cnoc Arda (Béarla:Palatine), atá suite i dtuaisceart Chontae Cheatharlach i cúige Laighean. Is sráidbhaile beag é suite timpeall seacht gciliméadar (cm) lasmuigh de bhaile Cheatharlach. Tá sé mar chuid de dheoise Chill Dara agus Leithghlinne. Tá sé suite ar chónaitheoir Chill Dara. Is é an sráidbhaile is gaire ná Díseart Diarmada nó “Castledermot” i mBéarla', sráidbhaile atá suite i gcontae Chill Dara.
Tá an sráidbhaile agus an ceantar máguaird i bparóiste Urglin. Is iad Rutland, Halla Burton, Beann na gCaorag agus Cnoc an Bhrúnaigh na bailte fearainn máguaird. Tá thart ar trí céad áitritheoir sa sráidbhaile féin le ceithre chéad áitritheoir sna bailte comharsanachta.[1]
Stair an tsráidbhaile
Tháinig na chéad daoine go dtí an sráidbhaile sa bhliain 1711. Throid Louis XIV seacht gcéad Liútaraigh as a dtithe i “Palatinate” san Fhranc mar thoradh ar a dtuairimí reiligiúnacha. Thaistil siad ansin chuig áiteanna ar fud na hÉireann, Shasana agus Mheiriceá. Bhog thart ar 100 acu go Ceatharlach agus d’ainmnigh siad an sráidbhaile Cnoc Arda toisc go bhfuil sé suite ar chnoc ach tugtar Palatine air tar éis bhaile dúchais na gcéad lonnaitheoirí.
Ba é Cnoc Arda an t-ainm a bhí air nuair a bunaíodh é, ach níl ach tagairt achomair dó anseo is ansiúd mar de ghnáth tugtar an t-ainm Palatine air. An dara chúis do sin ná go mbíonn comhbhaile againn suite san Iodáil. Palatineo is ainm don bhaile sin agus, cosúil le Cnoc Arda, tá sé suite ar bharr an chnoic.
Áiseanna sa sráidbhaile
Tá réimse leathan áiseanna agus deiseanna áineasa sa sráidbhaile. Tá teach tábhairne ann ar a dtugtar ‘teach Palatine’. Bunaíodh é i 1797. Chomh maith leis seo tá siopa beag ar a dtugtar “Pal stores”.
Maidir le caitheamh aimsire tá páirc sacair ann, seo baile don fhoireann sacair áitiúil ar a dtugtar ‘Palatine Celtic’. Tá go leor clubanna agus sochaithe ann freisin. Mar shampla, tá club ‘bowls’ agus club damhsa do sheandaoine an phobail. Bíonn gníomhaíochtaí cosúil le ‘bowls’ ag siúl sa clubtheach CLG áitiúil.
Tá an daonra sa shráidbhaile ag méadú le blianta beaga anuas. Sa lá atá inniu ann, tá eastát tithíochta suite i lár an sráidbhaile. Bruach Na Cluana is ainm don eastát tithíochta. Tá fiche teach suite ann.
Bunscoil Beann Na gCaorrag agus Séipéal Naomh Mhuire
Is é Bennekerry nó Beann Na gCaorrag bunscoil áitiúil sa phobal Cnoc Arda. Tá sé suite i mbaile fearainn Beann na Gaorrag, suite in aice leis an séipéal Naomh Mhuire agus an pháirc peile CLG. Bunaíodh an scoil sa bhliain 1869, agus ag an am sin ní raibh ach seomra amháin idir beirt mhúinteoirí. Sa lá atá inniu tá ceithre chéad sé mac-léinn is fiche ag freastal ar an scoil agus tá dhá mhúinteoir is fiche ann. Fuair an scoil ‘scoil nua’ sa bhliain 2012 le sé sheomra ranga déag nua agus halla spóirt nua-aimseartha.[2]
Tá séipéal Naomh Mhuire suite in aice leis an mbunscoil áitiúil. Tógadh é i 1860 ach úsáideadh sean bothán ó na 1700idí luatha roimhe seo.[3].Tá an t-ealaíontóir cáiliúil agus an fear áitiúil Frank O’ Meara, a fuair bás sa bhliain 1888, curtha anseo.
Cumann Lúthchleas Gael - Palatine GAA
Cnoc Arda nó Palatine CLG is ainm don chlub sa cheantar Cnoc Arda . Bunaíodh an club sa bhliain 1909. Is club peile agus iománaíochta é atá lonnaithe seacht gciliméadar taobh amuigh de bhaile Cheatharlach agus lonnaithe 2cm taobh amuigh sráidbhaile ‘Cnoc Arda’. Tá baill agus imreoirí ó na haoiseanna faoi 6 go dtí mionúir agus sinséar sa dá spórt chomh maith leis sin tá foireann shóisearach sa dá spórt. Úsáidtear glas agus dearg mar dhathanna an chlub. Tá dearg mar phríomhdhath an chlub agus é ina húsáid le saghas glas mar atá le feiceáil sa phictiúr thíos.
Tá timpeall 600 ball sa chlub. Tá ionad aclaíochta, clubtheach agus teach tábhairne sa chlub faoi láthair.
Bhuaigh foirne sinsearacha seo a leanas:
Peile
Sé chraobh peile sinsir Chontae Cheatharlach: 1919, 1920, 1952, 2006, 2015, 2016
Trí chraobh idirmheánach Chontae Cheatharlach: 1938, 1979, 1985
Cúig chraobh sóisear Chontae Ceatharlach: 1913, 1936, 1948, 1965, 2010
Iománaíocht
Craobh iománaíochta sinsir Chontae Ceatharlach : 1972
Craobh idirmheánach iománaíocht Chontae Ceatharlach : 1985
Cúig craobh sóiséar iománaíocht Chontae Ceatharlach : 1965, 1970, 1983, 1990, 2001[4]
Ducketts grove
Is teach mór ón 17ú haois é seo atá suite timpeall ciliméadar amháin ón sráidbhaile Cnoc Arda. Cuireadh tús leis an ngníomh tógála sa bhliain 1745 agus críochnaíodh é i 1825. Ba le John Duckett an teach, fear saibhir ó Shasana. Tá sé suite ar shuíomh le breis agus dhá acra talún agus le gairdín múrtha. Faraor, scrios tine an teach i 1933 agus níl aon duine ina chónaí ann ó shin. Feictear an damáiste inniu sa ‘Grove’ ach cuidíonn feighlithe an teach agus na gairdíní a choinneáil álainn sa lá atá ann inniu. Fuair Comhairle Contae Cheatharlach na cearta le haghaidh Ducketts Grove i 2005. Fostaíonn siad triúr garraíodóir agus feighlithe lánaimseartha anois.[5]
Dolmain Chnoic an Bhrúnaigh
Is tuama adhlactha meigiliteach é Dolmain Chnoic an Bhrúnaigh, a tógadh am éigin idir 3000 – 4000RC. Bhí sé seo roimh na chéad lonnaitheoirí i sráidbhaile Cnoc Arda. Tá an Dolmain suite 2cm ón sráidbhaile agus tá sé suite in aice leis an mbunscoil. Is í an chloch uaighe is troime sna hEoraip, a mheánn 100 tonna. Is séadchomhartha náisiúnta é. Faigheann sé níos mó na mílte turasóir gach bhliain.[6].Tá sé ar cheann de na phríomhshuíomhanna i gcontae Cheatharlach. Chomh maith le seo feictear an Dolmain ar éide scoile agus ar gheansaí an chlub freisin.
Tagairtí
- ↑ http://www.igp-web.com/Carlow/palatine.htm
- ↑ http://www.bennekerryns.ie/
- ↑ http://sites.rootsweb.com/~irlcar2/palatine.htm
- ↑ http://www.palatine.gaa.ie/Pages/Default.aspx
- ↑ http://duckettsgrove.ie/about-duckettsgrove-ie/
- ↑ https://carlowtourism.com/brownshill-dolmen-2/
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
http://www.igp-web.com/Carlow/palatine.htm
http://duckettsgrove.ie/about-duckettsgrove-ie/
http://sites.rootsweb.com/~irlcar2/palatine.htm
http://www.palatine.gaa.ie/Pages/Default.aspx
https://carlowtourism.com/brownshill-dolmen-2/
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |