Jump to content

An difríocht idir athruithe ar: "Féinmharú"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Is é atá i gceist le féinmharú ná lámh a chur ina bhás féin. Tá an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50...'
(No difference)

Leagan ó 16:57, 31 Nollaig 2016

Is é atá i gceist le féinmharú ná lámh a chur ina bhás féin. Tá an féinmharú ina cúis shuntasach le bás luath san Eoraip, le níos mó ná 50 000 básanna gach bliain san Aontas Eorpach, agus go dtagann neamhoird mheabhracha chun tosaigh roimh ré i naoi gcás as deich[1].

Staitisticí

Tá an féinmharú ag dul i méid agus Éire ar na tíortha is measa san Eoraip. Is airde an líon daoine a chuireann lámh ina mbás féin in Éirinn gach bliain ná an líon daoine a mharaítear i dtionóisc tráchta ar bhóithre.

  • Tá an ceathrú ráta féinmharaithe óige san Eoraip ag Éirinn. Tá an féinmharú i measc na gcúig chúis báis is mó san aoisghrúpa 15 go 19 bliain in Éirinn
  • Tharla 552 bás le féinmharú in Éirinn i 2009, is ionainn sin agus ráta 12.7 bás in aghaidh daonra 100,000[2].

Féinmharú cuidithe

Is ábhar é féinmharú cuidithe a n-éiríonn daoine an-tógtha faoi. Ní mór an t-ábhar faoin bhféinmharú a chur i láthair go cúramach, a deir Dignitas[3], a thugann cabhair do dhaoine lámh a chur ina bás féin.

==Buamadóir féinmharaithe==

Tá misean féinmharfach ag sceimhlitheoirí uaireanta.

Stair

Fádo in Éirinn, peaca mhór ab ea an féinmharú agus chaith sé drochmheas ar an gclann[4].

Cásanna clúiteacha

  • Féinmharú Nearó sa bhliain 68, de rogha ar an gcur chun báis a bhí i ndán dó.
  • Bás Adolf Hitler agus Eva Braun sa bhliain 1945.
  • Marilyn Monroe, 1962. Creidtear gur ródháileog piollairí codlata a thug a bás, agus gur féinmharú a bhí ann.
  • Rudolf Hess, an Naitsíoch deireanach i ngéibhinn, sa bhliain 1987.

Féach freisin


  • Seirbhís Méala don Fhéinmharú sa Teaghlach I gcomhpháirtíocht le www.pieta.ie, cuireadh seirbhís méala d’fhéinmharú sa teaghlach ar fáil go céimneach, chun tacú le daoine aonair, teaghlaigh, eagraíochtaí agus pobail atá buailte i ndiaidh báis de bharr féinmharaithe[5].

Tagairtí