Ys

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuan Douarnenez ar bhun-taoide. Má fhéachann tú go géar air, b'fhéidir go bhfeicfidh tú cathair ársa Ys!

Ker-Ys, nó Ys, cathair a bhí, de réir finscéalta na Briotáine, lonnaithe i gCuan Douarnenez, Penn-ar-Bed. Ba é an Rí Gradlon a thóg é dá iníon Dahut.

Bhí Ys faoi leibhéal na farraige, agus í cosanta ag bábhún ón bhfarraige. Ba ag an rí a bhí aon eochair gheata an bhábháin, ach tháinig Sátan go Ys lá agus mheall sé iníon an rí, Dahut, chun an eochair a ghoid óna hathair. D'oscail sé geata na farraige ansin agus bádh an chathair.

Níor tháinig slán ach an rí Gradlon, agus thréig sé a iníon ar chomhairle an naomh Guénolé. Bhunaigh Gradlon Kemper ansin agus nuair a fuair sé bás, cuireadh dealbh de ar muin capaill ar Ardeaglais Naomh Corentin, mar a sheasann sé go fóill.

De réir na bhfinscéalta ba í Ys an chathair ba áille ar domhan, agus deirtear gur tugadh 'Paris' ar an gcathair sin mar go raibh sí cosúil le Ys ('Par-Ys').

Mar gheall ar go bhfuil láthair na cathrach chomh soiléir sin, agus go bhfuil bóithre Rómhánacha ag dul isteach sa bhfarraige sa cheantar, glactar leis go raibh cathair ann tráth i mBá Douarnenez, agus gur dócha gur bádh í sa 5ú haois.

Nuair a foilsíodh bailiúchán amhrán de chuid na Briotáine, an Barzaz Breizh, in 1839, mhéadaigh cáil Ys, agus rinne Luminais pictiúr taibhseach ildaite de Gradlon i 1884.