Yerba mate

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoYerba mate
Ilex paraguariensis Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo demaité, duilleog maité agus Club-Mate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas beagnach faoi bhagairt
UICN32982 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAquifoliales
FineAquifoliaceae
GéineasIlex
SpeiceasIlex paraguariensis Cuir in eagar ar Wikidata
A.St.-Hil.

Is éard is yerba mate ann ná lus ó Mheiriceá Theas a fhliuchtar le haghaidh ólacháin cosúil le tae. Tá caiféin sa yerba mate cosúil leis an tae, agus é in ann an tuirse a bhaint den duine dá réir sin. Duilleoga ón gcrann úd Ilex paraguayensis atá i gceist leis an yerba mate, crann a bhfuil gaol aige leis an gcuileann.

Bhí na bundúchasaigh ag ól mate i Meiriceá Theas i bhfad roimh theacht na gConquistadores, agus óltar idir the agus fhuar é. Tháinig an focal féin mate as an gCeatsuais, ach sa teanga sin, tagraíonn sé don tsoitheach ólacháin, seachas don deoch féin.

Is iad tíortha Río de la Plata, is é sin, an Airgintín, Paragua, agus Uragua, na tíortha is mó mate, idir shaothrú agus thomhaltas, chomh maith leis an gcuid den Bhrasaíl atá ag críochantacht leo, mar atá, stát Rio Grande do Sul. Ní óltar mórán den deoch taobh amuigh de na tíortha seo, áfach, ach sa chorr-áit, cosúil leis an Liobáinna hOileáin Chanáracha.

Bíonn blas leath searbh, leath milis sa mate féin, ach is gnách spíosraí a chur leis an mate, cosúil leis an dóigh a spíosraítear an tae le lusanna eile.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]