Wolfgang Pauli

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí teoiriciúil a rugadh sa Vín ab ea Wolfgang Pauli (1900-1958). Chuir sé i bhfocail i 1925 prionsabal an eisiaimh nó prionsabal Pauli sa bhfisic chandamach. I 1931 réamhinis sé go raibh cáithnín neodrach ann ar thug sé neoidríonó air. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1945.