Willem Barents

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Willem Barents

Loingseoir a rugadh san Ollainn, meastar ab ea Willem Barents (c 155020 Meitheamh 1597). Bhí sé ina phíolóta ar 3 aistear Ollannach ag iarraidh teacht ar an mBealach Soir ó Thuaidh (1594-1596). Ainmníodh Muir Barents, ó thuaidh ón Iorua, as. Níor fhill sé ón 3ú aistear. I 1871 tháinig Elling Carlsen ar a cheathrú geimhridh, tógtha as piosaí loinge is cuid mhaith iarsmaí dá fhoireann ann, ar oileán Novaya Zemlya, agus an t-iomlán gan corraí le 274 bliain.