Vespasian

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vespasian
Impire Rómhánach
Vespasianus01 pushkin edit.png
Réimeas 1 Iúil, 6923 Meitheamh, 79
Dáta breithe 17 Samhain, 9
Áit bhreithe Falacrina, an Iodáil
Dáta báis 23 Meitheamh 79
Réamhtheachtaí Vitellius
Comharba Titus
Rítheaghlach Rítheaghlach Flavius
Céile Domitilla (<69), Caenis (t.65-74)

B'é Vespasian (Laidin: Titus Flavius ​​Caesar Vespasianus Augustus; 17 Samhain, 9-23 Meitheamh, 79), an tImpire Rómhánach ó AD 69 go AD 79. B'eisean a bhunaigh an ríshliocht Flaiviach a rialaigh an Impireacht le cúig bliana fichead. Ba ó shliocht theaghlach eachaíochta (Laidin:ordo equeste) é Vespasian, a bhfuair ardú céime isteach i gcéimíocht na seanadóirí, faoi na hImpirí de chuid an ríshliocht Iúil-Claudiach. Cé gur shroich sé an gnáth comharbas mar oifigeach poiblí, ceapadh ina chonsul é sa bhliain 51 RC, ​​bhí ainm in airde aige mar ceannasaí rathúil míleata, a ghlac páirt in ionradh na Rómhánach ar an Bhreatain sa bhliain 43, agus a smachtaigh an Iúdáia le linn éirí amach na nGiúdach, sa bhliain 66 RC.

Nuair a bhí Vespasian ag ullmhú chun chathair Iarúsailéim a chur faoi léigeár, le linn an fheachtais dheiridh, chuir an t-impire Nearó lámh ina bhás féin, rud a thum an Impireacht i gcogadh cathartha ar feadh bliana, a dtugtar Bliain na gCeithre Impirí air. Tar éis bás tapa na n-impirí Galba (Laidin: Servius Sulpicius Galba Caesar Augustus) agus Otho (Laidin: Marcus Salvius Otho Caesar Augustus) a bhí i gcomharbas ar a chéile, ceapadh Vitellius (laidin: Aulus Vitellius Germanicus Augustus) ina Impire in Aibreán na bliana 69 AD. Mar fhreagra, d'fhógair na hairm san Éigipt agus Iúdáia Vespasian ina impire ar an 1 Iúil.

Ina iarracht chun chumhacht impiriúil a bhaint amach, nasc Vespasian a fhórsaí le Mucianus, gobharnóir na Siria, agus le Primus, ginearál i bPannonia. Treoraigh Primus agus Mucianus fórsaí na bhFlaiviach i gcoinne Vitellius, le linn do Vespasian rialú na hÉigipte a bhaint amach. Ar An 20 Nollaig, briseadh ar Vitellius, agus an lá dar gcionn dhearbhaigh an Seanad Vespasian ina Impire Rómhánach. Ní mhaireann ach roinnt eolas faoin a rialtas i rith na deich mbliana ina raibh Vespasian ina impire. Is fearr aithne ar réimeas Vespasian mar gheall, ar leasúchán airgeadais tar éis meath an ríshleachta Iúil-Claudiach, ar an bhfeachtas rathúil in aghaidh Iúdáia, agus ar thionscadail tógála éagsúla uaillmhianacha, mar shampla an Colasaem. Ar a bhás, sa bhliain 79, tháinig a mhac ba shine Títeas (Laidin:Titus Flavius Caesar Vespasianus Augustus ) i gcomharbacht air, mar sin, b'é an chéad Impire Rómhánach é a d'éirigh len a mhac féin dul i gcomharbas air.

Teaghlach[athraigh | edit source]

Rugadh Vespasian i bhFalacrina (Latin: Falacrīnum nó vīcus Phalacrīnae), sa tír Saibíneach in aice le Reate. Ní raibh a theaghlach oirirce den chuid is mó agus bhí easpa ginealaigh acu. B'é a sheanathair athartha, Titus Flavius ​​Petro, an chéad duine acu chun clú a tharraing air féin, ag ardú go dtí céim an taoisigh chéid (Laidin: centurio) agus throid sé ag Pharsalus (Greigis Ársa: Φάρσαλος) do Phoimpéas (Laidin:Gnaeus Pompeius Magnus) sa bhliain 48 BC. Ina dhiaidh, sin ba bhailitheoir fiachais é.