Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| An Chéad Chogadh idir na Rómhánaigh agus na Giúdaigh |
Judaea san 1ú aois
|
| Dáta: |
66-73 AD |
| Áit: |
Judea |
| Toradh: |
Bua ag na Rómhánaigh |
| Céilí comhraic |
|
|
| Ceannasaithe |
|
|
| Slua |
|
|
| Taismigh |
| Neamhaithnid |
Neamhaithnid |
|
Tharla An Chéad Chogadh idir na Rómhánaigh agus na Giúdaigh idir na blianta 66 agus 73 AD. Thosaigh an t-éirí amach sa bhliain 66AD in Judaea go bunúsach de bharr aighneas idir lucht creidimh Ghiúdach agus lucht creidimh Ghréigeach. I dtosach d'éirigh le na Ghiúdaigh agus scriosadar agus mharaíodar an t-arm Rómhánach, timpeall sé mhíle saighdiúir, a bhí lonnaithe in Judaea fán am sin. Chuir sin olc nach beag ar na Rómhánaigh, a bhailigh arm láidir de 60,000 mhíle saighdiúir faoi cheannas Vespasian agus níos déanaí, tar éis Impire na Róimhe a dhéanamh de Vespasian sa bhliain 69, a mhac Titus, a bhéadh ina Impire freisin, le smacht a chuir ar na nGiúdaigh. Scriosadar agus réabadar an tír i rith blianta an t-éirí amach. Níor fhágadar cloch ar chloch de theampall mór na Ghiúdaigh. Chuireadh timpeall milliún daoine chun bás agus rinneadh sclábhaí de chuid mhaith Ghiúdaigh eile i rith na blianta seo.
Chuireadh dhá éiríthe amach eile faoi chos sa chéad bhliain dár gcionn, Cogadh Kitos (115-117AD) agus Éirí Amach Bar Kokhba (132-135 AD).
Deirtear gur de dheasca na húafáis seo is ea a thosaigh muintir an Judaea ag scaipeadh thart fán domhan mór. Bhí tionchar ollmhór ag na heachtraí seo ar stair an domhain amach ansin.