Uirlis phráis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas ceoil atá déanta as prás nó cóimhiotal eile, ina gcuirtear an t-aer ag crith trí liopaí is anáil an tseinnteora, trí bhéalóg chúng de ghnáth. I ngléasanna simplí, cosúil leis an mbuabhall, ní bhíonn ar fáil ach nótaí ag bun sraithe amónaí. I ngléasanna práis eile, le cabhair comhlaí is sleamhnán lenar féidir an fréamhnóta a athrú, bíonn an-chuid airdí le fáil. Is iad na príomhuirlisí ceolfhoirne práis an corn, an trumpa, an trombón, agus an tiúba.