Buabhall (gléas ceoil)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gléas ceoil, déanta as prás nó copar, cuartha go héilipseach agus clog mór ag a fhoirceann. De ghnáth ní bhíonn aon chomhlaí air, agus ní féidir ach an chéad leathdhosaen armónach os cionn an fhréamhnóta (de ghnáth B♭) a sheinm leis. Úsáidtear le fada é chun glaonna míleata a fhuaimniú.