Uimhríocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Disciplín ina ríomhtar le huimhreacha, mar mhalairt ar uimhirtheoiric. Sainmhínítear 4 oibríocht — suimiú, dealú, iolrú, roinnt — thar thacar na réaduimhreacha uile, agus baintear feidhm astu chun torthaí praiticiúla a fháil.

Mar shampla, chun costas iomlán dhá earra a dhéanamh amach, ceann amháin ar €23 is an ceann eile ar €56 (suimiú: 23 + 56 = €79), chun an tsóinseáil a gheobhfar as €100 má cheannaítear an dá earra a dhéanamh amach (dealú: 100-79 = €21), chun costas 6 kg d'ábhar a chosnaíonn €8 an kg a ríomh (iolrú: 6 × 8 = €48), nó chun an oiread ábhair ar €15 an kg a fhéadfar a cheannach le €180 (roinnt, 180/15 = 12 kg).[1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Uimhríocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 689.