Tuar ceatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tuar ceatha

Is feiniméan aeráide é an tuar ceatha (nó an bogha báistí, bogha ceatha, bogha sín nó an stua ceatha).

Do réir lucht na heolaíochta, is é solas na gréine ag taitneamh ar bhraonta báistí sa spéir faoi ndearna an tuar ceatha. Seo mar a tharlaíonn sé. Dar linne ná tagann ón ngréin ach aon tsolais amháin, ach ní mar sin atá. Is amhlaidh atá roinnt soilse i solas na gréine, agus ní mar a chéile aon dá cheann acu. Is speictream dathanna atá sa tuar ceatha, agus is iad na cinn seo a luaitear go traidisiúnta (ón taobh amuigh go dtí an taobh istigh): dearg     , flannbhuí/oráiste     , buí     , uaine     , gorm     , plúirín/indeagó      agus corcairghorm     . Gluaiseann na léasa solais ón ngréin ina dtonnta. Gan amhras tá na tonnta solas seo an-bheag ar fad. Ní hé an tonnfhaid chéanna atá ag aon dá cheann de sna soilse a thagann chugainn ón ngréin. Is féidir a chruthú go bhfuil na soilse uile atá áirithe anseo i solas na gréine. Má gheibhtear priosma gloine agus léas solais do scaoileadh tríd, chíofar roinnt soilse le malairt dathanna ag teachta amach ar an dtaoibh eile den phriosma. Nuair a théann an solas tríd an bpriosma, ní hé an lúbadh céanna a dhéanann an gloine ar aon cheann acu. Is mo lúbtar cuid acu ná a chéile. De bharr an lúbtha seo is ea thagann malairt dathanna amach ar an dtaoibh eile.

Má bhíonn solas na gréine ag taitneamh ar bhraonta báistí sa spéir, lúbtar an solas faoi mar a dhéanann an priosma, i dtreo go bhfeicimid na dathanna go léir a chíotar sa thuar ceatha. Iliomad priosmaí ag lúbadh solais na gréine a bhíonn sna braonta báistí, mar a déarfá.

Deirtear gur comhartha é an tuar ceatha nach dtiocfaidh aon díle ar an domhan arís.