Trífhosfáit adanóisín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Móilín ardfhuinnimh a dhéantar as an imoibriú idir adainín, riobós is aigéad trífhosfarach is ea trífhosfáit adanóisín (ATP). Comhdhúil bhunúsach i stóráil fuinnimh i gcealla plandaí is ainmhithe. Stóráiltear an fuinneamh ann nuair a shintéisítear é as défhosfáit adanóisín (ADP), agus fuasclaítear é nuair a chuirtear an t-imoibriú sa treo eile.