Tony Iommi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tony Iommi.

Giotáraí agus cumadóir é Frank Anthony "Tony" Iommi (rugadh ar 19 Feabhra, 1948 é i mBirmingham, Sasana). B'eisean bunaitheoir an bhanna miotal troime Black Sabbath sna 1960idí, agus an duine a chum an chuid is mó den cheol. Ba é Ozzy Osbourne an ball is cáiliúla, ach i ndáiríre b'é Iommi an ceannaire i gcónaí.

Chruthaigh Iommi a lán de na fuaimeanna a úsáidtear i gceol miotal trom inniu. Mar shampla, thiúin Iommi a ghiotár síos ón gcaighdeán, mar bhí méara laige aige tar éis timpiste nuair a bhí sé ag obair i monarcha. Cruthaíodh fuaim nua a bhí i bhfad níos ísle agus dorcha, agus ba rud é a bheadh coitianta sa seánra as seo amach.

Tagairtí[athraigh | edit source]