Thunnus thynnus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoThunnus thynnus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deAtlantic bluefin tuna as food (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN21860 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdScombriformes
FineScombridae
TreibhThunnini
GéineasThunnus
SpeiceasThunnus thynnus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is speiceas tuinnín é Thunnus thynnus, ar a dtugtar tuinnín gorm Atlantachtuinnín tuaisceartach, ar cheann de thrí speiceas de thuinníní ghorma, chomh maith le tuinnín ghorm an Aigéin Chiúin (Thunnus orientalis) agus tuinnín ghorm deisceartach (Thunnus maccoyii).

Tá na tuinníní Atlantacha dúchasach don Aigéan Atlantach thiar agus thoir araon, chomh maith leis an Meánmhuir. Tá siad imithe in éag sa Mhuir Dhubh.

Taifeadadh na tuinníní Atlantacha ag meáchan suas le 680 kg, agus bíonn siad in iomaíocht leis na meirliúin dhubha (Istiompax indica), na meirliúin ghorma (Makaira nigricans), agus na colgáin (Xiphias gladius) mar na Perciformes is mó. Le linn na staire taifeadta, bhí an-mheas ar thuinníní ghorma Atlantacha mar bhia. Chomh maith lena luach tráchtála mar bhia, mheall an mhéid mhór, an luas, agus an chumhacht a thaispeánann siad barr measa na n-iascairí, na scríbhneoirí, agus na n-eolaithe.

Bhí an tuinnín gorm Atlantach mar bhunús le ceann de na hiascaigh tráchtála is brabúsaí ar domhan. Tá aonáin mheánmhéide agus mhóra dírithe go mór ar mhargadh amh-éisc na Seapáine, áit a mbíonn an-tóir ar gach speiceas gorm le haghaidh súisí agus saisimí.

ró-iascaireacht thromchúiseach mar thoradh ar an tábhacht tráchtála seo. Dhearbhaigh ;An Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha', i mí Dheireadh Fómhair 2009 go raibh laghdú suntasach tagtha ar stoic na dtuinníní Atlantacha le 40 bliain anuas, faoi 72% san Atlantach Thoir, agus faoi 82% san Atlantach Thiar.[1] An 16 Deireadh Fómhair 2009, mhol Monacó go foirmiúil tuinnín ghorma Atlantacha a bheadh i mbaol le haghaidh liostú CITES Aguisín I agus toirmeasc ar thrádáil idirnáisiúnta. Go luath in 2010, mhéadaigh oifigigh Eorpacha, faoi stiúir Aire éiceolaíochta na Fraince, brú chun iascaireacht thráchtála na na dtuinníní gorma a thoirmeasc go hidirnáisiúnta. [2] Mar sin féin, vótáladh síos ar thogra de chuid na NA chun an speiceas a chosaint ó thrádáil idirnáisiúnta (68 i gcoinne, 20 i bhfábhar, 30 ag staonadh). [3] Ó shin i leith, tá méadú áirithe tagtha ar an dhaonra mar thoradh ar fhorghníomhú cuótaí iascaireachta réigiúnacha. Ón 4 Meán Fómhair 2021, aistríodh tuinnín ghorma Atlantacha ón gcatagóir 'I mBaol' go dtí an chatagóir 'Is lú imní' ar Liosta Dearg an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra de 'Speicis faoi Bhagairt'. Mar sin féin, tá go leor daonraí réigiúnacha ídithe go mór fós, lena n-áirítear stoic an iarthair a sceith i Murascaill Mheicsiceo. [4]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Endangered Atlantic bluefin tuna formally recommended for international trade ban” (October 2009). Dáta rochtana: 17 October 2009.
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". New York Times.
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en). IUCN.