The Script
Is grúpa rac-cheoil é “The Script” ó Bhaile Átha Cliath. Bunaíodh “The Script” sa bhliain 2001. Tá triúr sa ghrúpa, is iad Danny O' Donoghue, Mark Sheehan agus Glen Power. Bhuail Danny le Mark i gclub oíche. Bhí suim ag Danny sa cheol céanna le Mark. Bhí Danny agus Mark i grúpa eile roimh “The Script”. “MyTown” as t-ainm a bhí ar an ngrúpa. Bhí Danny agus Mark ag seinnt le “MyTown” ó 1996 go 2001. Is é “www.thescriptmusic.com” an suíomh gréasan na “The Script”.
[athraigh] Cúlra agus Tinfeadh
Bhí “U2”, “The Police”, “The Neptunes”, “Timbaland” agus “Van Morrison” mar thionchair orthu. Sheinn “The Script” an t-amhrán “We Cry” ar “BalconyTv”, i mBaile Átha Cliath, i mí Meán Fómhair 2007. Bhí an t-ámhran ag uimhir a cuig déag ar na cairteanna ceoil i Sasana agus uimhir a naoi sa cairteanna ceoil in Éirinn. Scaoil siad an t-ámhran “The Man Who Can't Be Moved” bliain tar éis “We Cry” i mí Méan Fómhair 2008. Bhí an t-ámhran ag uimhir a dó sna cairteanna ceoil i Sasana, in Éirinn agus sa Danmhairg. Sheol siad a gcéad albam sa bhliain chéanna. Sheinn The Script le Paul McCartney agus U2 nuair a bhí siad ag dul ar chamchuairt sa bhliain 2009; bhuaigh siad trí dhuais ceoil sa bhliain chéanna.
[athraigh] A nDara Albam
Sheol siad a dara albam i Meán Fómhair 2010. Tá an t-albam ag uimhir a haon sna cairteanna in Éirnn agus i Sasana anois. Ar Dé hAoine, 25ú Méan Fómhair, chuaigh ticéid cheolchoirme ar díol agus díoladh amach i trí nóiméad iad. Beidh “The Script” ag dul ar chamcuairt i Meiriceá i nDeireadh Fómhair. Scríobh “The Script” ámhrán le hagaidh Leona Lewis fresin.