Teyrnas Gwynedd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is faoi ríocht stairiúil Gwynedd an t-alt seo. Maidir leis an gcontae nua-aimseartha féach Gwynedd .
Cunedda, céad Rí Gwynedd

Bhí Teyrnas Gwynedd (Gaeilge: Ríocht Gwynedd) ar cheann de phríomhríochtaí na Breataine Bige sa Mheánaois. Bhí éagsúlacht ag baint lena theorainneacha, ag brath ar cé chomh cumhachtach is a bhí an nó an prionsa, ach chuimsigh sí i gcónaí Arfon, Eryri, agus Ynys Môn. Go traidisiúnta bhí Gwynedd roinnte ina dhá réigiún: “Gwynedd Uwch Conwy” agus “Gwynedd Is Conwy”, agus Abhainn Conwy mar an teorainn idir an dá chuid.

De réir Historia Brittonium (‘Stair na mBriotanach’, 9ú haois) bhí Cunedda Wledig[1] agus a chlann mhac tar éis teacht anuas go dtí an Bhreatain Bheag Thiar Thuaidh ón Hen Ogledd, atá ina chuid theas d’Albain anois, d’fhonn ruaig a chur ar na Gaeil ó Gwynedd, agus bhunaigh siad ríocht Gwynedd ina dhiaidh sin.[2] Venedotia a seanainm sa Laidin.[3] Tá díospóireacht ann maidir le cathain a tharla sé seo, leis na dátaí ag athrú ó dheireadh an 4ú haois go dtí tús an 5ú haois CR. De réir na staire, ainmníodh cuid de ríochtaí na Breataine Bige i ndiaidh na mac a tháinig in éineacht le Cunedda — mar shampla, tugadh ‘Ceredigion’ ar Ceredig agus ainmníodh Edeirnion agus Rhufoniog ar Edern agus Rhufawn.[2][4]

Is fianaise í leac uaighe ó dheireadh an 5ú haois i Séipéal Penmachno a d’fhéadfadh cabhrú leis an dáta cruinn a shocrú. Comórtar fear darbh ainm Cantiorix, a bhfuil cur síos air san inscríbhinn Laidine mar “Cantiorix hic iacit/Venedotis cives fuit/consobrinos Magli magistrati” (Gaeilge: “Curtha anseo atá Cantiorix. Ba shaoránach de Gwynedd é agus col ceathrair le Maglos an giúistís”). Tugann na tagairtí do cives agus do magistrati le tuiscint gur lean an córas Rómhánach ar aghaidh i nGwynedd ar feadh tréimhse tar éis do na léigiúin imeacht.[5]

Ba é Deganwy an phríomhchúirt i nGwynedd i ré Maelgwn Gwynedd, a bhí ina mhac garpháiste le Gunedda Wledig, agus a bhí i réim i Gwynedd sa 6ú haois.[6][7] Níos déanaí, bhog an phríomhchúirt go Aberffraw, agus cuirtear síos ar rialtóir Gwynedd mar “Prionsa Aberffraw” nó “Tiarna Aberffraw”.

Tháinig forbairt ar ríocht Gwynedd sa tréimhse nuair a d’fhág na Rómhánaigh an Bhreatain, is é sin le rá sa 5ú haois, agus nuair a bhí an tír á coilíniú ag na hAngla-Shacsanaigh. Bunaithe in iarthuaisceart na Breataine Bige, tháinig rialtóirí Gwynedd i gcumhacht agus aithníodh iad mar ‘Ríthe na mBreatnach’ sular chaill siad cumhacht mar gheall ar chogaíocht díothaithe cine. Timpeall na bliana 1039 bhí Gruffydd ap Llywelyn tar éis é féin a bhunú mar rialtóir ar Ghwynedd agus ar Phowys, agus faoi 1055 bhí Deheubarth curtha leis aige. Ghabh sé Morgannwg, agus mar thoradh air sin d'fhéadfadh sé a éileamh go raibh an Bhreatain Bheag faoina gceannas faoi dheireadh na 1050idí. Tagraítear dó mar Brenin Gwynedd (Rí Gwynedd) agus na Breataine Bige, agus is é an t-aon rialtóir i stair na Breataine Bige a bhí in ann smacht a éileamh ar an mBreatain Bheag mar ríocht iomlán. Scriosadh a ríocht sa bhliain 1063 mar gheall ar ionradh a rinne na Sacsanaigh faoi cheannas Harold Godwinson, trí bliana sular thug na Normannaigh ionradh ar an mBreatain Bheag.[8] Maraíodh Harold Godwinson, Rí Shasana agus oidhre Éadbhard an Choinfeasóra, nuair a lámhach arm Normannach Uilliam an Choncúir sa tsúil é ag Cath Hastings in 1066.[9]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. CUNEDDA WLEDIG (fl. 450?), tywysog Prydeinig | Y Bywgraffiadur Cymreig”. bywgraffiadur.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  2. 2.0 2.1 "Gwyddoniadur Cymru yr Academi Gymreig" (2008): 202-3. Caerdydd: Gwasg Prifysgol Cymru. OCLC 213108835. 
  3. Lewis (1913). "A glossary of mediaeval Welsh law, based upon the Black book of Chirk". Manchester : The University Press. 
  4. Full-text resources for ‘Dark Age’ history”. www.kmatthews.org.uk. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  5. Davies, John. (2007). "Hanes cymru.": 54. Penguin Books Ltd. OCLC 153576256. 
  6. MAELGWN GWYNEDD (bu farw c. 547) | Y Bywgraffiadur Cymreig”. bywgraffiadur.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.
  7. "Cydymaith i lenyddiaeth Cymru" (1997): 485. Caerdydd: Gwasg Prifysgol Cymru. OCLC 38068896. 
  8. Davies. "Gwyddoniadur Cymru Yr Academi Gymreig": 396. 
  9. GRUFFYDD ap LLYWELYN (bu farw 1244), tywysog gogledd Cymru | Y Bywgraffiadur Cymreig”. bywgraffiadur.cymru. Dáta rochtana: 2020-09-28.