Tenerife

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil

Is oileán Spáinneach é Tenerife. Is é an t-oileán is mó as na seacht Oileáin Chanáracha san Aigéan Atlantach. Tá sé suite siar ó cósta na hAfraice. Tá achar 2034.38 km2 agus 886,033 daoine ina chónaí ann; is é sin an t-oileán is dlúithe sa Spáinn.

Santa Cruz de Tenerife mar príomhchathair an oileáin agus tá rialtas an oileáin (cabildo insular) suite ann.

Tá Ollscoil La Laguna lonnaithe ann ón mbliain 1792. Tá San Cristóbal de La Laguna (Suíomh Oidhreachta Domhanda) mar an dara cathair is mó ar an oileán agus an tríú cheann is mó ar an oileánra. Tá Teide, bolcán sa lár, mar suíomh Oidhreachta Domhanda chomh maith.

Tá deabhóid don Mhaighdean na Candelaria, Naomh Pátrún na hOileáin Chanáracha, an tábhachtach i gcultúr an oileáin. Meallann an deabhóid seo níos mó ná 2.5 milliún duine gach bliain cuairt a thabhairt ar Baisleac Muire na Candelaria i mbaile Candelaria.

Gailearaí na nGrianghraf[athraigh | edit source]

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]