Ted Bundy
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Theodore Robert Bundy |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Theodore Robert Cowell 24 Samhain 1946 Burlington, Vermont |
Bás | 24 Eanáir 1989 42 bliana d'aois Príosún Stáit Florida, Florida |
Siocair bháis | Pionós an bháis (Leictreamharú) |
Áit adhlactha | Sliabhraon na Cascáide |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Rolf Miller Richard Burton |
Reiligiún | Modhachas agus Eaglais Íosa Críost agus Naoimh na Laethanta Deireanacha |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Washington Ollscoil Temple Ollscoil Utah University of Puget Sound (en) Woodrow Wilson High School (en) |
Áit chónaithe | Tacoma Cathair Salt Lake |
Teanga dhúchais | Béarla |
Airde | 178 cm |
Dath súile | Gorm |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Serial murder (en) |
Gairm | síceolaí, sraithmharfóir |
Tréimhse oibre | 1974 – 1978 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
Teangacha | Béarla |
Eile | |
Céile | luach anaithnid (1980–1986) |
Ciontaíodh i | dúnmharú buirgléireacht iarracht ar dhúnmharú fuadach éigniú |
Croineolaíocht | |
10 Feabhra 1980 | pionós |
15 Feabhra 1978 | gabháil |
9 Feabhra 1978 | dúnbhású (Lake City) |
Feabhra 1978 | triail |
15 Eanáir 1978 | dúnbhású (Tallahassee) |
30 Nollaig 1977 | éalú príosúin (Glenwood Springs) |
7 Meitheamh 1976 | éalú príosúin (Glenwood Springs) |
23 Feabhra 1976-1 Bealtaine 1976 | triail |
Lúnasa 1975 | gabháil (West Valley City) |
28 Meitheamh 1975 | dúnbhású (Ollscoil Brigham Young) |
6 Bealtaine 1975 | dúnbhású (Pocatello) |
6 Aibreán 1975 | dúnbhású (Grand Junction) |
15 Márta 1975 | dúnbhású (Colorado) |
12 Eanáir 1975 | dúnbhású (Colorado) |
8 Samhain 1974 | dúnbhású (Bountiful) |
8 Samhain 1974 | ionsaí (Murray) |
31 Deireadh Fómhair 1974 | dúnbhású (Contae Lehigh) |
25 Deireadh Fómhair 1974 | dúnbhású (Midvale) |
2 Deireadh Fómhair 1974 | dúnbhású (Cathair Salt Lake) |
2 Meán Fómhair 1974 | dúnbhású (Idaho) |
14 Iúil 1974 | dúnbhású (Issaquah) |
11 Meitheamh 1974 | dúnbhású (Ollscoil Washington) |
1 Meitheamh 1974 | dúnbhású (Seattle) |
7 Bealtaine 1974 | dúnbhású (Corvallis) |
17 Aibreán 1974 | dúnbhású |
12 Márta 1974 | dúnbhású (Washington) |
1 Feabhra 1974 | dúnbhású (Ollscoil Washington) |
4 Eanáir 1974 | éigniú (Seattle) |
31 Lúnasa 1961 | dúnbhású (Tacoma) |
Sraithmharfóir, fuadaitheoir, banéigneoir agus éigneoir corpán a bhí in Theodore Robert Bundy (a rugadh faoin ainm Theodore Robert Cowell). Mharaigh sé na sluaite de mhná óga sna seachtóidí, agus tá sé incheaptha go raibh sé ag rith damhsa roimhe sin féin.
Saolaíodh Bundy ar an 24 Samhain 1946 i mBurlington (stát Vermont). Cuireadh chun báis é i bPríosún Stáit Florida ar an 24 Eanáir 1989.
Rugadh air sa bhliain 1975, ach
Coireanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba nós leis corpáin na gcailíní marbha a chur i leataobh agus gníomhartha gnéis a chur i gcrích leo, go dtí go mbeidís chomh lofa is nach bhféadfadh sé féin sult a bhaint astu a thuilleadh. Dhícheann sé dáréag acu ar a laghad, agus choinnigh sé na cloigne mar chuimhneacháin sa bhaile aige féin.
Uaireanta, d'fhéadfadh sé briseadh isteach in am marbh na hoíche ag an gcailín a bhí roghnaithe aige agus í a mharú le buaillí smachtín ina codladh di.
Gabháil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gabhadh Bundy don chéad uair i Stát Utah sa bhliain 1975, agus is iad na coireanna a bhí i gceist ansin ná iarracht ionsaí agus fuadach.
Nuair a bhí an dlí le cur ar Bundy as dúnmharú i gColorado, bhí sé in ann éalú ó lámh an dlí faoi dhó, D'éirigh leis éalú don chéad uair ar an 7 Meitheamh 1977. Gabhadh é sé lá níos déanaí.
D'éirigh leis éalú arís ar an 30 Nollaig 1977. Bhí Bundy in ann tuilleadh coireanna a dhéanamh, ina measc trí dhúnmharú, ar a laghad. Gabhadh é arís ar an 15 Feabhra 1978.
Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig an tuiscint ag na póilíní gurbh fhéidir gurbh eisean a bheadh freagrach as na dúnmharuithe neamhfhiosraithe a bhí déanta i Stáit éagsúla le déanaí.
Sa bhliain 1978, bhí údaráis Florida in ann é a cheapadh sa deireadh. Daoradh chun báis faoi thrí é, ó bhí trí dhúnmharú déanta aige i bhFlorida.
Agus Bundy sa phríosún, bhí sé in ann pósadh agus fiu rugadh iníon dó.[1]
Pearsantacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fear cuidsúlach ab ea Bundy, fear a raibh carasma agus teacht i láthair ann, agus é in ann na mná óga a chur faoi dhraíocht go furasta. Ba nós leis dul ag lorg cabhrach uathu, ag tabhairt le fios go raibh sé gortaithe ar dhóigh éigin. D'fhéadfadh sé cuma an údaráis a chur air féin freisin. Chas sé leis na mná go poiblí, ach nuair a bhíodh sé i gcuideachta na mná in áit fhoscúil, d'ionsaigh sé iad.[2]
Na blianta a chaith sé i dtóin phríosúin ag fanacht le lá a bhásaithe, ní raibh sé sásta a chuid coireanna a admháil. Go gairid roimh a bhás, d'admhaigh sé tríocha dúnmharú a bhí déanta aige i seacht Stát éagsúla sna blianta ó 1974 go 1978, ach dealraíonn sé go ndearna sé a lán dúnmharuithe eile fós.
Bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Básaíodh Ted Bundy i gcathaoir leictreach i bPríosún Raiford i Starke (stát Florida) in Eanáir na bliana 1989. Is é an cur síos a thug a bheathaisnéisí Ann Rule air ná nach raibh ann ach "sochapatach sádach a bhaineadh sult as pian an duine eile agus as an smacht a bhí aige air go nóiméad a bháis agus ina dhiaidh sin féin".
Maidir leis an aturnae Polly Nelson, a bhí ag cosaint Bundy nuair a bhí sé os comhair an dlí an uair dheireanach, is é an breithiúnas a thug sise air ná gurbh é "Ted" "sainmhíniú an oilc gan trua gan trócaire".
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Carole Ann Boone Married Ted Bundy Literally In The Middle Of His Trial — Then Had His Baby" (en-US). All That's Interesting (2019-02-05). Dáta rochtana: 2020-01-24.
- ↑ Stephanie Nolasco (2019-02-06). "Ted Bundy survivor recalls meeting ‘creepy’ killer, explains why she relived horrifying ordeal for Netflix doc" (en-US). Fox News. Dáta rochtana: 2020-01-24.