Ted Bundy
| Ted Bundy | |
| Bundy sa bhliain 1978 | |
| Dáta breithe | 24 Samhain, 1946 |
| Burlington, Vermont | |
| Dáta báis | 24 Eanáir, 1989 |
| Príosún Stáit Florida, Florida | |
| Náisiúntacht | Meiriceánach |
| Iomráiteach do | Dúnmharuithe |
Sraithmharfóir, fuadaitheoir, banéigneoir agus éigneoir corpán a bhí in Theodore Robert Bundy (a tháinig chun saoil faoin ainm Theodore Robert Cowell) a mharaigh na sluaite de mhná óga sna seachtóidí, agus tá sé incheaptha go raibh sé ag rith damhsa roimhe sin féin. Saolaíodh ar an 24 Samhain 1946 é i mBurlington (stát Vermont), agus cuireadh chun báis é i bPríosún Stáit Florida ar an 24 Eanáir 1989. Rugadh air an chéad uair sa bhliain 1975, ach d'éirigh leis éalú. Na blianta a chaith sé i dtóin phríosúin ag fanacht le lá a bhásaithe, ní raibh sé sásta a chuid coireanna a admháil. Go gairid roimh a bhás, d'admhaigh sé tríocha dúnmharú a bhí déanta aige i seacht Stát éagsúla sna blianta ó 1974 go 1978, ach dealraíonn sé go ndearna sé a lán dúnmharuithe eile fós.
Fear cuidsúlach ab ea Bundy, fear a raibh carasma agus teacht i láthair ann, agus é in ann na mná óga a chur faoi dhraíocht go furasta. Ba nós leis dul ag lorg cabhrach uathu, ag tabhairt le fios go raibh sé gortaithe ar dhóigh éigin. D'fhéadfadh sé cuma an údaráis a chur air féin freisin. Thaobhaíodh sé na mná go poiblí, ach nuair a bhíodh sé i gcuideachta na mná in áit fhoscúil, d'ionsaíodh sé í. Ba nós leis corpáin na gcailíní marbha a chur i leataobh agus gníomhartha gnéis a chur i gcrích leo, go dtí go mbeidís chomh lofa is nach bhféadfadh sé féin sult a bhaint astu a thuilleadh. Dhícheann sé dáréag acu ar a laghad, agus choinnigh sé na cloigne mar chuimhneacháin sa bhaile aige féin. Uaireanta, d'fhéadfadh sé briseadh isteach in am marbh na hoíche ag an gcailín a bhí roghnaithe aige agus í a mharú le buaillí smachtín ina codladh di.
Ar dtús, gabhadh Bundy i Stát Utah sa bhliain 1975, agus is iad na coireanna a bhí i gceist ansin ná iarracht ionsaí agus fuadach. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig an tuiscint ag na póilíní gurbh fhéidir gurbh eisean a bheadh freagrach as na dúnmharuithe neamhfhiosraithe a bhí déanta i Stáit éagsúla le déanaí. Nuair a bhí an dlí le cur ar Bundy as dúnmharú i gColorado, bhí sé in ann éalú ó lámh an dlí faoi dhó agus tuilleadh coireanna a dhéanamh, ina measc trí dhúnmharú, ar a laghad. Sa bhliain 1978, bhí údaráis Florida in ann é a cheapadh sa deireadh. Daoradh chun báis faoi thrí é, ó bhí trí dhúnmharú déanta aige i bhFlorida.
Básaíodh Ted Bundy i gcathaoir leictreach i bPríosún Raiford i Starke (stát Florida) in Eanáir na bliana 1989. Is é an cur síos a thug a bheathaisnéisí Ann Rule air ná nach raibh ann ach "sochapatach sádach a bhaineadh sult as pian an duine eile agus as an smacht a bhí aige air go nóimead a bháis agus ina dhiaidh sin féin". Maidir leis an aturnae Polly Nelson, a bhí ag cosaint Bundy nuair a bhí sé os comhair an dlí an uair dheireanach, is é an breithiúnas a thug sise air ná gurbh é "Ted" "sainmhiniú an oilc gan trua gan trócaire".