Tarra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Táirge leachtach (tarra guail) a fhaightear nuair a théitear gual gan aer a bheith i láthair. Foinse an-chuid ábhar suntasach úsáideach don tionscal ceimice (beinséin, feanól, piridín is eile) ar féidir a eastóscadh le tuaslagóirí nó trí thuilleadh driogtha. Faightear tarra adhmaid mar an gcéad táirge as driogadh deighilteach adhmaid. Le tuilleadh driogtha, faightear créasóid is raon comhdhúl orgánach a bhraitheann ar an adhmad. Mar shampla, táirgeann adhmaid roisíneacha tuirpintín. Pic a bhíonn fágtha mar iarmhar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tarra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 644.