Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard is tóón, tó-leaptón nó tó-cháithnín ann (ón 19ú litir san aibítir Ghréagach 'τ', tó, a sheasann don cháithnín seo), ná cáithnín fo-adamhach cosúil leis an leictreon a bhfuil lucht leictreach diúltach aige agus é ½ ar ghuairne. In éineacht leis an leictreon, an múón, agus na trí neoidríonó, is leaptón é. Cosúil leis na buncháithníní go léir tá frithcháithnín comhfhreagrach aige a bhfuil lucht urchomhaireach leictreach aige agus arb ionann a mhais agus a ghuairne, an t-antatóón nó an tóón deimhneach. Is é an tsiombail τ ⁻ a sheasann don tóón, agus τ + don antatóón.
Naisc sheachtracha[athraigh]