Forshiméadracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa bhfisic, gaol siméadrach a cheanglaíonn cáithníní le guairní difriúla (mar shampla, slánuimhir is leathshlánuimhir). Forbraíodh teoiricí atá bunaithe ar fhorshiméadracht a chuimsíonn cáithníní a bheadh ina bpéirí ar na cáithníní a braitheadh chuige seo, leis na maiseanna céanna ach guairní difriúla. Níor braitheadh péirí forshiméadracha dá leithéid (scuarc, sleipteon, fóitíneó, is eile) fós.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Forshiméadracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 283.