Sutton Hoo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Uaigh rí Angla-Shacsanaigh a fuarthas faoi bharra adhlactha gar do Woodbridge Shasana i 1939 is ea Sutton Hoo. I lár loinge i mbád oscailte rámhaíochta 40 rámh (27 m ar fhad, 4.25 m ar leithead) bhí seomra adhlactha adhmaid ina raibh soithí airgid, seodra órga, boinn airgid, airm is uirlisí teaghlaigh. Tá an méid a fionnadh i Músaem na Breataine anois. An fionnadh seandálaíochta ba shaibhre riamh sa Bhreatain.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sutton Hoo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 635.