Soithí airgid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Earraí atá déanta as airgead le comhdhéanamh steirling: is é sin cóimhiotal le comhshuíomh de 925 cuid airgid as 1,000 cuid, nó 92.5% airgid (copar den chuid is mó is ea an chuid eile de ghnáth). Leagadh an caighdeán seo síos mar dhlí i Sasana sa 13ú céad, agus tugadh isteach sainmharc, ag deimhniú gur as airgead steirling an t-earra, i 1300. Is tábhachtach gan ábhair atá leictreaphlátáilte le hairgead (nó airgeadaithe) a mheascadh leis seo. In airgeadú, leagtar craiceann an-tanaí airgead steirling ar mhiotal neamhlómhar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Soithí airgid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 613.