Jump to content

Supermac's

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Supermacs)
Bosca Sonraí EagraíochtaSupermac's
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1978
Bunaitheoir(í)Pat McDonagh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsupermacs.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: supermacsofficial Twitter: supermacsire Instagram: supermacsofficial LinkedIn: supermac's Cuir in eagar ar Wikidata

Sreang bialann mearbhia is ea Supermac's in Éirinn. Osclaíodh an chéad bhialann sa bhliain 1978 i bpríomhshráid Bhéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe.[1] Tá breis agus 100 bialann de chuid na sreinge in Éirinn anois,[2]. go háirithe i nGaillimh. Díolann Supermac's mearbhia den chuid is mó: sceallóga, burgair, píotsa, iasc, sicín, uachtar reoite, creatháin bhainne, caoineoga is araile.

Inis

Tá ceannoifig Supermac's i bPáirc Ghnó Bhaile an Bhriotaigh i mBaile an Bhriotaigh, Contae na Gaillimhe.[3]

Gaillimh
Ceatharlach

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Pat McDonagh, iarmhúinteoir, a bhunaigh an comhlacht agus a bhí mar ardfheidhmeannach uirthi. Bíonn ionaid mearbhia amuigh ar saincheadúnas ag feidhmiú acu,le go leor freisin faoi úinéireacht phríobháideach.

D'fhreastail Supermac's ar 320,000 custaiméir in 2013 ar an meán in aghaidh na seachtaine[4] agus bhí ioncam bliantúil €80 milliún aige agus brabús € 7.4 milliún de réir a thuarascála sa bhliain 2013. [5]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 5 Meitheamh 2024, bhí glactha ag an Chúirt is airde san Aontas Eorpach le gearán ó Supermac's ina n-aighneas fhada le McDonald's maidir le húsáid an 'Big Mac' mar thrádmharc. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa nach ceadmhach do McDonald's an trádmharc a úsáid i gcás táirgí éineola.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "About - Ballinasloe Official Town Website".
  2. Gnóthaí corparáideacha
  3. "Supermac's HQ".
  4. "Minister congratulates Supermac's commitment to Irish farmers Agriculture, Ireland, news for Ireland, Agriculture, Food and Drink, Ireland".
  5. "Supermacs on Top1000.ie".
  6. Nuacht RTÉ (2024-06-05). "Cás ainm 'Big Mac' buaite ag Supermac's in aghaidh McDonald's" (as ga-IE).