Sceallóga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaSceallóga
Bunús
Tír dhúchaisan Bheilg agus an Fhrainc
Gastranómachaiscuisine of Belgium (en) Aistrigh agus cócaireacht na Fraince
Sonraí
Cineálfomhias, bia saoráideach agus mearbhia
Modh ullmhúcháinfries cutter (en) Aistrigh agus frying (en) Aistrigh
Príomh-chomhábhairpráta, ola glasraí agus salann

Séard is sceallóga prátaí ann ná míreanna de phrátaí agus iad friochta i gcorcán lán d'ola te nó ar thrádaire in oigheann. Is féidir iad a ithe gan dua le do mhéara in ionad dul i muinín gabhlóige. (Dar ndóigh, is féidir iad a ithe le gabhlóg freisin). Go minic caitear salann agus fínéagarpiobar orthu chun a mblas a fheabhsú nó chun blas breise a thabhairt dóibh. Go minic itear le anlann éigin iad ar nós anlann trátaímaonáis.

Is scroid an-choitianta iad timpeall na cruinne agus is cuid lárnach iad de bhiachlár mearbhia. Itear ina aonair iad nó itear le bia eile iad mar chuid de bhéile.

Is féidir sceallóga prátaí a dhéanamh díreach ó phrátaí trí iad a ghearradh ina sceallóga nó is féidir cinn saorga a dhéanamh trí bhrúitín a dhéanamh dos na prátaí agus cruth sceallóga a chur orthu i mhúnla. Is mar seo atá na sceallóga a itear sna bialanna mearbhia timpeall an domhain.

Cé go bhfuil siad furasta le n-ithe, ní bia folláin iad sceallóga de bharr an bealach a chócaráiltear iad .i. friochta i gcorcán lán le ola.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]