Stoirm Poly, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtStoirm Poly, 2023
Íomhá
Cineálstoirm Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2022–23 European windstorm season (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Iúil 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ísiltír, an Bheilg agus an Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gaotha marthanacha uasta146 km/h Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2 Cuir in eagar ar Wikidata
faoileán

Shéid Stoirm Poly sa taobh thiar thuaidh den Eoraip na hEorpa ar 4 Iúil - 5 Iúil 2023. Buaileadh iarthuaisceart na hÍsiltíre go háirithe, an stoirm shamhraidh ba mheasa le cuimhne na ndaoine sa réigiún sin.[1] Fórsa 11 a bhí leis an ngaoth agus bhí séideáin 145 chiliméadair san uair ann, 150km go háitiúil.[2]

Buaileadh ach ceantar measartha beag: an Ollainn Thuaidh, an leithinis úd taobh ó thuaidh de chathair Amsterdam, idir an Mhuir Thuaidh agus Loch IJsselmeer. An lá céanna, bhí an ghrian ag leá an tarmaic sa chuid ó dheas den tír. Rinneadh go leor dochair i gcathair Amsterdam féin agus maraíodh bean i gcathair Haarlem nuair a thit crann ar a carr.[1] Maraíodh duine eile san Emsland sa Ghearmáin.

"Zomer Storm Poly"

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní minic a tharlaíonn stoirmeacha sa samhradh. Bíonn siad níos áitiúla ná na cinn a tharlaíonn sa chuid eile den bhliain, ach bíonn tionchar níos measa acu toisc go mbíonn duilleoga ar na crainn agus greim níos láidre ag an ngaoth ar na crainn dá bharr. Agus maidir le Stoirm Poly, níor chabhraigh triomach leanúnach sa cheantar a buaileadh le cúrsaí ach oiread: bhí an ithir chomh tirim sin go raibh sé furasta ag an ngaoth an oiread sin crann a leagadh go talamh, fréamhacha san aer agus chuile shórt.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Alex Hijmans (12 Iúil 2023). "Ná déanaimis dearmad nach ionann ‘aimsir’ agus ‘aeráid’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-12.
  2. "Storm Poly" (as nl) (2023-07-11). Wikipedia.