Staitistic Bose-Einstein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I meicnic chandamach staitistiúil, tuairisc ar bhailiúchán cuid mhór bósón neamhidirghníomhaithe. Ainmnithe as an bhfisicí Indiach Satyendra Nath Bose (1894-1974), a chomhoibrigh le hEinstein. Slonn atá i ndáileadh Bose-Einstein do rann an fhuinnimh i measc na mbósón, agus is suntasach go dtagann sé i bhfeidhm, mar shampla, le cur síos ar na fótóin i ngníomhú léasair, agus ar fhorshreabhacht héiliam leachtaigh.