Sputnik

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba í Sputnik 1 an chéad saitilít shaorga a lainseáladh ón Domhan. An tAontas Sóivéadach a rinne é i nDeireadh Fómhair 1957. 84 kg meáchain a bhí inti, agus lean sí ag tarchur comhartha raidió ar feadh 21 lá. Mí ina dhiaidh sin lainseáil siad Sputnik 2, ar mheáchan 508 kg. Ar bord bhí an madra Laika, agus tarchuireadh tomhais fhiseolaíocha is bhithcheimiceacha uaidh ar feadh 7 lá, ach maraíodh é ansin le hinstealladh nimhe.