Spásteileascóp Kepler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lainseáil NASA an spásteileascóp seo i 2009 chun pláinéid a chuardach trí thrasnuithe scáthanna thar réaltaí a iniúchadh. Is í fithis an Domhain féin atá ag Kepler, agus tá sé ag streachailt i ndiaidh an Domhain. Féachann an teileascóp ar níos mó ná 150,000 réalta go comhuaineach leanúnach, agus tarchuireann na híomhánna ar ais chuig ríomhairí NASA. Iniúchann na ríomhairí na trasnuithe pláinéadacha ag iarraidh tréimhsiúlachtaí a aimsiú, rud a léireodh gur pláinéad a bheadh mar bhun leis, agus léireodh méid an scátha méid an phláinéid sin. Tá níos mó ná 400 pláinéad mar seo níos mó ná an Domhan aimsithe, b'fhéidir de bhrí go bhfuil sé níos éasca cinn mhóra a bhrath.