Siobhán Óg Ní Bhaoill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSiobhán Óg Ní Bhaoill
Beathaisnéis
Bás1576

Níl Siobhán Óg Ní Bhaoill le fáil i stair a linne ach amháin in iontráil don bhliain 1576 in Annála na gCeithre Máistrí. Bádh í agus í ag foghlaim snámha Lá San Séamas (an 25 Iúil) in iarthar Dhún na nGall. Is dócha gurb í an áit atá i gceist an Srath Buí i mBarúntacht Bhaollach sna Gleannta.[1]

Iníon Uí Bhaoill, Siobhán Óg, iníon Thoirealaigh mhic Néill do bhá lá San Séamais ag foghlaim snámha ar abhainn an tSratha Bhuí.[2]

Is annamh tagairt chomh daonna sin do chúrsaí pearsanta, idir mhaith is olc, le fáil sna hAnnála; is treise an bhéim a chuirtear ar imeachtaí a bhfuil cuma thromchúiseach orthu.[3] A leithéidí seo ón mbliain chéanna: bás an tsaoi Uilliam Óg Mac an Bhaird agus marú an uasail Toirealach Ó Ghallchóir.

Uilliam Óg Mac an Bhaird, mac Chormaic, Ollamh Uí Dhomhnaill le dán, oide scol, saoi dearscaithe i bhfoghlaim agus in aithne, post coinneála agus cothaithe d'aos foghlama agus friochnaimh, d’éag i nDroim Mór an 22 Februarii.[4]
Toirealach mac Thuathail Bhailbh Uí Ghallchóir, saoi duine oireachta, do mharbhadh le Connachtaibh an 16 de November.[5]

Ní bheadh Siobhán Óg luaite ar chor ar bith murar eascair sí ó mhuintir uasal. Bhí a hathair Toirealach Ó Baoill ina bhall de chlann a bhí in uachtar le fada an lá i gCríoch Bhaollach (Barúnacht Bhaollach).[6]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. https://www.logainm.ie/ga/14735
  2. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1576.7: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.
  3. Connellan, Owen. The Annals of Ireland Translated from the Original Irish of The Four Masters. Dublin: Bryan Geraghty, 1846. Maíonn an Conallánach sa réamhrá go bhfuil cuntas na nAnnála ar mhuintir na hÉireann “particularly rich in accounts of their military affairs, their forces and arms, their heroes and warriors, their battles and victories”.
  4. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1576.5: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.
  5. CELT: The Corpus of Electronic Texts: Annála na gCeithre Máistrí, M1576.6: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html. Leasú beag déanta ar an litriú.
  6. Rev. Patrick Woulfe, Irish Names and Surnames. M.H. Gill & Son (1923)